Czechia
Radim SRŠEŇ
Comhalta
Member of the Local Assembly of the Municipality of Dolní Studénky
Ghlac ceannairí áitiúla agus réigiúnacha tuairim maidir le Todhchaí na Forbartha Tuaithe tar éis 2027 le linn seisiún iomlánach de Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 6 Bealtaine. Faoi stiúir an rapóirtéara Radim Sršeň (CZ/PPE), méara Dolní Studénky, iarrtar sa tuairim go n-aithneofaí forbairt tuaithe go hiomlán mar phríomhchuspóir den bheartas comhtháthaithe, le tacaíocht ó chistiú tiomnaithe agus cur chuige comhleanúnach a théann níos faide ná beartais talmhaíochta earnáilsonracha.
Tá ceantair thuaithe, arb ionann iad agus thart ar 80 % de chríoch an Aontais agus a bhfuil beagnach 30 % de shaoránaigh an Aontais ina gcónaí iontu, fós tearc-infheistithe ó thaobh struchtúir de. Tá an bhearna leanúnach sin ag lagú an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh, rud a bhaineann an bonn den mhuinín dhaonlathach agus den ‘cheart fanachta’, agus a chuireann teorainn freisin le hiomaíochas fadtéarmach an Aontais. Ag an am céanna, tá ról straitéiseach ag críocha tuaithe maidir le príomhthosaíochtaí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, lena n-áirítear gníomhú ar son na haeráide, cosaint an chomhshaoil, fuinneamh in-athnuaite, córais bhia chobhsaí agus cheannasacha, athléimneacht chríochach agus comhtháthú sóisialta.
I bhfianaise an mhéid sin, is díol sásaimh d’ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha cur chuige críochach an Aontais atá beartaithe maidir le forbairt tuaithe mar chéim i dtreo cistiú níos comhleanúnaí, níos solúbtha agus níos saincheaptha go háitiúil. Mar sin féin, cuireann siad i bhfios go láidir go bhfuil ceantair thuaithe tearcmhaoinithe sa bhuiséad reatha agus go bhfuil an baol ann go dtitfidh siad níos faide ar gcúl sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile mura bhfuil acmhainní suntasacha curtha in áirithe go soiléir do chríocha tuaithe.
Dá bhrí sin, iarrtar sa tuairim go mbeadh creat níos láidre agus níos comhtháite ann lena ndéanfaí na hionstraimí cistiúcháin atá ann cheana a chuíchóiriú agus a ailíniú, rud a chuirfeadh an fhorbairt tuaithe níos daingne laistigh de chur chuige níos leithne maidir leis an mbeartas comhtháthaithe. Leagtar béim ann freisin ar acmhainneacht na gclár amhail an Ciste Eorpach um Iomaíochas (CEF) agus Fís Eorpach chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an iomaíochas i réigiúin thuaithe.
Leagtar béim ar leith ar an rialachas: ba cheart forbairt tuaithe tar éis 2027 a bheith bunaithe go daingean ar phrionsabal na coimhdeachta, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht fhónta chinnteoireachta na n-údarás réigiúnach agus áitiúil le linn cheapadh, fhormheas agus chur chun feidhme na bpleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha (NRPPanna).
Ar deireadh, iarrtar sa tuairim go dtabharfaí tacaíocht threisithe do chuir chuige áitbhunaithe chruthaithe amhail LEADER agus Sráidbhailte Cliste, le tacaíocht ó chistiú tiomnaithe, mar aon le promhadh leas na tuaithe níos láidre agus fothú acmhainneachta ar gach leibhéal rialachais chun a áirithiú go léireoidh beartais riachtanais na tuaithe ar bhealach níos fearr agus go bhfreagróidh siad dóibh.
Luaigh
Rapóirtéir Radim Sršeň (CZ/PPE), Méara Bhardas Dolní Studénky: “Tá todhchaí na Forbartha Tuaithe ag crosbhóthar. Is féidir le ceantair thuaithe a bheith ina músaem nó ina n-áit bhríomhar tharraingteach le maireachtáil ann do gach glúin. Tá go leor dúshlán ag baint leo chomh maith le hacmhainneacht mhór, agus is é cur chuige iomlánaíoch, áitbhunaithe, comhtháite, ilchiste agus ilbheartais an t-aon oideas dá dtodhchaí. Ba cheart cistiú tiomnaithe leordhóthanach a bheith ann freisin do cheantair thuaithe, rud a chomhfhreagraíonn don fhíorchás go bhfuil 30 % de shaoránaigh na hEorpa ina gcónaí iontu, chomh maith le hionstraimí comhtháite áitbhunaithe amhail LEADER/CLLD agus Sráidbhailte Cliste etc., ós rud é gur éirigh go han-mhaith leo páirt a thabhairt do na saoránaigh agus réitigh shaincheaptha a thabhairt isteach do gach cearn den Eoraip. Agus leas iomlán á bhaint as acmhainneacht straitéiseach na gceantar tuaithe agus feabhas á chur ar an gcáilíocht saoil, is é an t-aon bhealach amháin chun taoidí na déimeagrafaíochta agus na míshástachta a athrú.”
Cúlra
Teagmháil:
Hélène Dressen
Teil: +32 471502795
Helene.dressen@cor.europa.eu
Czechia
Comhalta
Member of the Local Assembly of the Municipality of Dolní Studénky