Theresa Sostmann
theresa.sostmann@cor.europa.eu
Tháinig ionadaithe ó réigiúin agus ó chathracha an Aontais le chéile in Tampere chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an intleacht shaorga cáilíocht na hearnála poiblí a fheabhsú.
Bhuail Coiste Eorpach na Réigiún (CoR) an Coimisiún um Beartas Eacnamaíoch (ECON)le príomhionadaithe na Fionlainne an 24 agus an 25 Deireadh Fómhair in Tampere na Fionlainne chun plé a dhéanamh ar conas borradh a chur faoi ghlacadh na hIntleachta Saorga le haghaidh réitigh nuálacha san earnáil phoiblí.
Tá ról ríthábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i nglacadh na hintleachta saorga ar fud an Aontais, agus iad ag feidhmiú mar chatalaíoch don nuálaíocht trí fhorbairt fhreagrach intleachta saorga a chur chun cinn in earnálacha amhail éifeachtúlacht fuinnimh, iompar, oideachas, sláinte agus seirbhísí poiblí. Pléadh ag an gcruinniú agus ag comhdháil Choimisiún ECON conas is féidir leis an intleacht shaorga feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí, éifeachtúlacht a fheabhsú agus nuálaíocht a chothú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Leag comhaltaí ECON béim ar an ngéarghá atá ann go nglacfadh údaráis áitiúla le teicneolaíochtaí IS chun freastal níos fearr ar a saoránaigh.
Le linn na comhdhála, leag comhaltaí CnaR béim ar an acmhainneacht atá ag an intleacht shaorga éifeachtúlacht na seirbhíse poiblí a fheabhsú trí uathoibriú, barrfheabhsú agus idirghníomhaíocht fheabhsaithe leis na saoránaigh, mar aon leis an ngá atá ann cosc a chur ar ‘bhearna intleachta saorga’ idir riaracháin ar féidir leo leas iomlán a bhaint as na teicneolaíochtaí sin agus iad siúd nach féidir leo. Bhí cuir i láthair ag an gcomhdháil inar leagadh béim ar na pointí sin, inar léiríodh cur chun feidhme rathúil IS i gcathracha amhail Tampere, München, Sóifia agus an Ghníomhaireacht um Nuachóiriú Digiteach i réigiún na Gailíse, an Spáinn.
Le linn an chruinnithe in Tampere, ghlac comhaltaí ECON an dréacht-tuairim maidir le ‘Dúshláin agus Deiseanna na hIntleachta Saorga san Earnáil Phoiblí: Ról na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil a shainiú’, ina gcuirtear roinnt moltaí chun cinn maidir le conas borradh a chur faoi ghlacadh réitigh IS sna cathracha agus sna réigiúin.
Chuir na Feisirí in iúl nach féidir leis an intleacht shaorga fíordheiseanna dul chun cinn agus folláine a chothú ach amháin má úsáidtear í ar bhealach trédhearcach, inrianaithe agus neodrach. Agus an intleacht shaorga á haithint mar theicneolaíocht a fheabhsaíonn feidhmeanna an duine, soiléirítear sa tuairim go ndéanann an intleacht shaorga próisis an duine a mhacasamhlú agus a luathú gan cruthaitheacht ná gníomhaíochtaí an duine a ionadú. Cuirtear i bhfios go láidir sa tuairim freisin nach leor creat reachtach amháin gan cláir shubstaintiúla chun feasacht agus oideachas na saoránach a fheabhsú. Mhol comhaltaí ECON infheistíocht a dhéanamh in oiliúint foirne, uas-sciliú ar feadh an tsaoil, saineolaithe a earcú agus a choinneáil agus éiceachórais áitiúla intleachta saorga a chruthú a bhaineann tairbhe as comhar idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear an saol acadúil freisin ionas go mbeidh rochtain ag daoine atá i ngátar ar chórais intleachta saorga.
Sleachta athfhriotail:
Dainis TURLAIS (LV/Renew E.), Cathaoirleach Choimisiún ECON agus comhalta de Chomhairle Cathrach Rīga: ‘Tá an dá dhúshlán roimh údaráisréigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le deiseanna maidir le glacadh IS. I measc na ndúshlán tá srianta acmhainní, litearthacht dhigiteach, agus ábhair imní maidir le príobháideachas. Mar sin féin, cuireann IS deiseanna ar fáil le haghaidh pleanáil uirbeach níos cliste, seirbhísí poiblí éifeachtúla, agus beartais shonraíbhunaithe. Trí ghlacadh go freagrach leis an intleacht shaorga, is féidir le rialtais áitiúla rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú agus folláine an phobail a fheabhsú. Sin an fáth a bhfuil cruinniú agus comhdháil Choimisiún ECON á ndíriú againn ar na hábhair thábhachtacha sin.’
Anna-Kaisa Ikonen, Aire Rialtais Áitiúil agus Réigiúnaigh na Fionlainne: ‘Tá uirlisí digiteacha agus teicneolaíochtaí intleachta saorga ina gcuid bhunriachtanach den tsochaí anois. Tá cur chuige duinelárnach ríthábhachtach chun a chinntiú gur féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha seirbhísí poiblí feabhsaithe pearsantaithe a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua.’
Alberto CIRIO (IT/PPE), Uachtarán réigiún Piedmont agus rapóirtéir na tuairime: ‘Leis na tograí a d’fhormheas Coimisiún ECON inniu, tugadh aghaidh ar shaincheist mhór na hintleachta saorga ó thaobh na réigiún, na gcathracha agus údaráis áitiúla uile na hEorpa de, gan beann ar a méid. Cuirimid chun suntais na deiseanna iontacha a chuireann IS ar fáil don riarachán poiblí réigiúnach agus áitiúil, agus béim á leagan againn ag an am céanna ar an ngá atá le cearta úsáideoirí a chosaint i gcónaí agus úsáid eiticiúil IS a chur chun cinn. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh, díreach mar nach mór saoránaigh a bheith ag croílár ghníomhaíocht na n-údarás riaracháin phoiblí agus mar an sprioc dheiridh atá acu, nach mór an intleacht shaorga a fhorbairt ag tosú leis an duine daonna agus lena riachtanais. Ní réiteach draíochta ar ár bhfadhbanna í an intleacht shaorga, is uirlis dhaonna í agus ba cheart í a mheas agus a fhorbairt mar sin, d’fhonn éifeachtúlacht níos fearr agus feidhmíocht níos fearr riarachán a bhaint amach, ach d’fhonn seirbhísí atá go hiomlán nua a chur ar fáil do shaoránaigh freisin.”
Le linn an chruinnithe freisin:
Ina theannta sin, ghlac comhaltaí ECON dhá dhréacht-tuairim:
Tuilleadh eolais:
I mí Lúnasa 2024, tháinig an Gníomh um an Intleacht Shaorga i bhfeidhm mar an chéad chreat dlíthiúil cuimsitheach Eorpach riamh maidir leis an intleacht shaorga chun tacú le forbairt na hintleachta saorga iontaofa ar leibhéal an Aontais. Is é is aidhm do na rialacha nua a áirithiú go n-urramóidh córais intleachta saorga cearta bunúsacha, sábháilteacht agus prionsabail eiticiúla agus trí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le samhlacha intleachta saorga atá an-chumhachtach agus a bhfuil tionchar mór acu.
Féach arís ar an gcruinniú anseo.
theresa.sostmann@cor.europa.eu
Italy
Comhalta
President of the Piedmont Region
Latvia
Comhalta
Councillor of the Local Government Council, Riga City Council