Theresa Sostmann
Theresa.Sostmann@cor.europa.eu
Agus teannas geopholaitiúil agus bagairtí slándála ag dul i méid, ní mór don Aontas bonneagar criticiúil a chosaint agus athléimneacht straitéiseach a threisiú agus infheistíochtaí díreacha coigríche (IDC) á mbainistiú aige. I dtuairim a glacadh le linn an tseisiúin iomlánaigh an 20 Samhain, d’éiligh ceannairí áitiúla agus réigiúnacha go gcuirfí san áireamh go foirmiúil iad sa phróiseas scagtha seo chun cabhrú le measúnú a dhéanamh ar thionchar agus impleachtaí áitiúla IDC.
Tá rún daingean agna réigiúin agus na cathracha rannchuidiú leis an gcothromaíocht cheart a bhaint amach idir bonneagar criticiúil agus athléimneacht an Aontais a chosaint agus a oscailteacht agus a tharraingteacht don infheistíocht a chaomhnú. Sa tuairim uaidh,faoi stiúir Pehr Granfalk (SE/PPE), leag comhaltaí CnaR béim ar an ngá atá le scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí in earnálacha bunriachtanacha amhail fuinneamh, cúram sláinte, soláthar bia, agus líonraí faisnéise, chun trédhearcacht agus rialú a áirithiú i mbainistiú na bpríomhshócmhainní sin. Ach ní mór páirt ghníomhach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa phróiseas scagtha agus ní mór dó a bheith éifeachtach sa chosaint ar bhagairtí atá ag dul i méid, lena n-áirítear cibirionsaithe, bréagaisnéis, agus rialú eachtrach ar phríomhshócmhainní.
TacaíonnCnaR le haidhm an rialacháin athbhreithnithe cleachtais scagtha a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát ach cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhordú agus comhsheasmhacht fheabhsaithe chun slándáil chomhchoiteann an Aontais a fheabhsú agus ceannasacht gach Ballstáit á hurramú ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, ní fhéachtar leis an rialachán le tairbhí nó míbhuntáistí ginearálta IDC a thomhas; ina ionad sin, díríonn sé ar aghaidh a thabhairt ar ábhair imní faoi infheisteoirí coigríche atá ag gabháil do theicneolaíochtaí nó do bhonneagar Eorpach. Cé nach n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha go díreach sa rialachán, tá a n-ábhair imní ag teacht le hábhair imní na mBallstát toisc go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint le IDC do Bhallstáit eile agus do réigiúin shonracha. Á aithint sin dó, molann CnaR na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a áireamh go foirmiúil sa phróiseas scagtha agus sa phlé idir na Ballstáit maidir le IDC. Chabhródh sé sin le réigiúin a bhfuil infheistíocht dhíreach choigríche á hóstáil acu, a fhormheasann nó a bhlocálann infheistíocht a dtacaíonn siad léi nó a ndiúltaíonn siad di, agus ag an am céanna chabhródh sé le réigiúin a ndéanann cinneadh maidir le scagadh IDC i mBallstát eile difear dóibh.
Sa tuairim sin, leag comhaltaí CnaR béim ar a thábhachtaí atá sé an próiseas scagtha IDC a ailíniú le tionscnaimh eile de chuid an Aontais, amhail tionscnaimh maidir le hamhábhair chriticiúla agus an tionscal glan-nialasachta, atá ríthábhachtach chun sprioc an Aontais maidir le huathriail straitéiseach oscailte a bhaint amach agus a bhfuil tábhacht shuntasach réigiúnach ag baint leo. Trí scagadh IDC a chomhtháthú leis na tionscnaimh sin, tacaítear le huaillmhian níos leithne an Aontais geilleagar athléimneach inbhuanaithe a chothú ar fud a réigiún.
Luaigh:
Rapóirtéir Pehr GRANFALK (SE/PPE), comhalta de chomhairle bhardasach Solna agus leaschathaoirleach choimisiún ECON Choiste Eorpach na Réigiún: “Nímór é a bheith mar chuspóir againn creat rialála a chruthú lena bhfeabhsófar athléimneacht eacnamaíoch agus nuálaíocht agus infheistíocht choigríche á spreagadh ag an am céanna. Tá sé ríthábhachtach an chothromaíocht cheart a bhaint amach ar mhaithe le rathúnas an Aontais agus a chuid saoránach. Is tosaíocht é ár n-earnálacha criticiúla a chosaint, ach ní mór dúinn a chinntiú nach mbeidh ár gcur chuige róshriantach. Is féidir le próiseas scagtha dea-chalabraithe ár leasanna a chosaint agus na doirse a choinneáil ar oscailt do chomhpháirtíochtaí luachmhara domhanda ag an am céanna.”
Tuilleadh eolais:
Tácreat anAontais maidir le scagadh infheistíochta mar chuid de thiomantas an Choimisiúin don Eoraip a chosnaíonn a cuid cuideachtaí, oibrithe agus saoránach. Mar gheall ar an leibhéal ard comhtháthaithe laistigh den Aontas, d’fhéadfadh infheistíocht dhíreach choigríche* i mBallstát amháin an tslándáil nó an t-ord poiblí i mBallstát eile, nó san Aontas ina iomláine, a chur i mbaol.
An 24 Eanáir 2024, ghlac an Coimisiún cúig thionscnamh mar chuid den rialachán athbhreithnithe maidir le scagadh IDC chun slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú tráth a bhfuil an teannas geopholaitiúil ag dul i méid agus athruithe móra teicneolaíochta ag teacht chun cinn. Baineann ceann de na tionscnaimh sin le cosaint shlándáil agus ord poiblí an Aontais a neartú tuilleadh trína mholadh go ndéanfaí scagadh níos fearr ar infheistíocht choigríche isteach san Aontas.
Theresa.Sostmann@cor.europa.eu
Sweden
Comhalta
Member of Municipal Council, Solna Municipality