Ângela Machado
angela.machado@cor.europa.eu
D’iarr na ceannairíáitiúla agus réigiúnacha go mbeadh cur chuige níos solúbtha ann maidir le rialacha fioscacha chun infheistíocht i seirbhísí sóisialta bunriachtanacha a mhéadú sna réigiúin is boichte, chun neamhionannais chríochacha a laghdú agus chun comhtháthú sóisialta san Aontas a neartú. Ag an seisiún iomlánach an 20 Samhain, dúirt comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) go bhfuil na húdaráis áitiúla ríthábhachtach chun rochtain chomhionann ar na seirbhísí sóisialta sin a ráthú.
Satuairim óCnaR a dhréachtaigh Declan McDonnell (IE/EA), chuir comhalta de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, na cathracha agus na réigiúin i bhfios go láidir, cé go bhfuil sé ríthábhachtach chun éagothromaíochtaí a laghdú agus chun tacú le grúpaí leochaileacha, go bhfuil dúshláin mhóra roimh rialtais áitiúla maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí sóisialta, go háirithe i gceantair leochaileacha agus iargúlta san Eoraip. Mar gheall ar shrianta airgeadais, easpa bonneagair, rochtain dhigiteach theoranta, ganntanas foirne cáilithe agus easpa tithíochta inacmhainne, is deacair na seirbhísí sin a chur chun feidhme go héifeachtach.
Mhol comhaltaíCnaR athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha fioscacha chun infheistíocht shóisialta a spreagadh, agus na hinfheistíochtaí sin i réigiúin níos leochailí a eisiamh ón nós imeachta um easnamh. Tá gá le tacsanomaíocht shóisialta de chuid an Aontais chun acmhainní airgeadais a dhíriú i dtreo infheistíochtaí inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe na sochaí chun Eoraip níos cuimsithí agus níos comhtháite a chur chun cinn. Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá trédhearcacht agus cuntasacht i gcistiú AE, lenar cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail AE lena ráthaítear inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil i ngach réigiún.
D’iarr ceannairíáitiúla agus réigiúnacha go mbeadh samhlacha comhtháite ann lena gcomhordófaí seirbhísí riachtanacha, amhail sláinte, tithíocht agus iompar, chun freastal go héifeachtach ar phobail iargúlta agus dhíothacha agus chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú. Mhol siad go gcruthófaí ardán digiteach uile-Eorpach chun idir-inoibritheacht a chinntiú ar fud na mBallstát, lena ráthófaí rochtain leanúnach ar sheirbhísí sóisialta.
Leagadh béim sa tuairim ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar digiteach agus i gcláir litearthachta digití chun an deighilt a laghdú agus chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí riachtanacha a áirithiú do gach saoránach, lena n-áirítear daoine scothaosta agus daoine a bhfuil deacrachtaí acu TFC a úsáid, go háirithe i gceantair thuaithe. Mhol sé rochtain fhorleathan ar leathanbhanda, go háirithe i gceantair iargúlta.
Ar deireadh, d’iarr na cathracha agus na réigiúin go mbeadh beartais tithíochta ann a bheadh cuimsitheach, inacmhainne agus ar ardchaighdeán do chách. D’iarr siad go ndéanfaí dianrialáil AE ar chíosanna gearrthéarmacha chun pobail áitiúla a chosaint ar easáitiú.
Rapóirtéir Declan MCDONNELL (IE/EA): “Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach réigiún, go háirithe ceantair atá faoi mhíbhuntáiste agus ceantair iargúlta, ar sheirbhísí sóisialta ar ardchaighdeán. Cuireann an digitiú deiseanna iontacha ar fáil chun bearnaí a líonadh, ach ní mór dúinn a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár—bídís ina ndaoine scothaosta, ina ndaoine nach bhfuil leathanbhanda iontaofa acu, nó ina ngrúpaí imeallaithe. Is é an aidhm atá againn pobail chuimsitheacha chomhtháite a chruthú inar féidir le gach duine a bheith rathúil.”
angela.machado@cor.europa.eu
Ireland
Comhalta
Councillor, Galway City Council