Theresa Sostmann
theresa.sostmann@cor.europa.eu
Tá sé ríthábhachtach sonraí agus soghluaisteacht a chur chun cinn chun todhchaí an iompair agus na lóistíochta a mhúnlú. I dtuairim maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Soghluaisteachta, a glacadh le linn an tseisiúin iomlánaigh an 8 Deireadh Fómhair, d’iarr comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) go mbeadh comhar feabhsaithe ann i measc na soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta poiblí agus príobháideacha maidir le córais sonraí a chomhroinnt chun seirbhísí poiblí a fheabhsú agus comhtháthú rianúil sonraí iompair a éascú ar fud modhanna éagsúla agus réigiún geografach éagsúil.
Chuir comhaltaí CnaR i bhfios go láidir gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhainistíonn an t-iompar den chuid is mó agus go mbíonn tionchar mór ag an tsoghluaisteacht ar shaol laethúil shaoránaigh an Aontais. Tá córas iompair comhtháite a fheidhmíonn go maith ríthábhachtach don Mhargadh Aonair agus do rathúnas agus iomaíochas foriomlán na hEorpa. Ní hamháin go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha freagrach as seirbhísí iompair, ach tá siad freagrach freisin as úsáid spáis phoiblí a bhainistiú, rud atá ríthábhachtach do gach modh iompair.
D’iarr comhaltaí CnaR sa tuairim go mbeadh rochtain oscailte ar shonraí iompair, rud atá riachtanach d’údaráis phoiblí, dá n-oibreoirí iompair, do sholáthraithe seirbhísí soghluaisteachta príobháideacha agus d’úsáideoirí aonair iompair.
Chuir siad chun suntais go bhfuil an tsoghluaisteacht fós eagraithe i sadhlanna bunaithe ar mhodhanna iompair, agus go bhfuil go leor de na sonraí is gá don Spás Eorpach Sonraí Soghluaisteachta fós stóráilte i gcórais leithlisithe agus neamh-idir-inoibritheacha. Leag siad béim freisin ar an ngá atá le rochtain a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar shonraí cuimsitheacha lena léirítear patrúin soghluaisteachta, lena gcumasaítear ceapadh beartas eolasach, bainistiú bonneagair, agus córas soghluaisteachta gan uaim a chruthú. Ba cheart don chóras sin cothrom iomaíochta a chur ar fáil ina mbeidh ról ceannasach ag modhanna iompair inbhuanaithe agus ag iompar poiblí inbhuanaithe.
Mar sin féin, cuirtear bac ar chothrom iomaíochta oscailte a bhaint amach mar gheall ar an deacracht a bhaineann le méideanna móra sonraí iompair a bhainistiú, ar sonraí iad a ghineann oibreoirí poiblí agus príobháideacha araon, amhail aipeanna taistil, soláthraithe móibíleacha, agus monaróirí feithiclí agus na sonraí sin a dhéanamh idir-inoibritheach. Dá bhrí sin, le cur chuige díláraithe, ina bhfanfadh sonraí le húinéirí ach ina mbeadh rochtain orthu trí chóras rialachais coiteann, d’osclófaí an bealach do réitigh soghluaisteachta níos solúbtha agus do rannpháirtíocht chuimsitheach ó sholáthraithe seirbhíse nua.
Luaigh:
Rapóirtéir Zdeněk Hrib (CZ/Na Glasaigh), Céad Leas-Mhéara Phrág: “Le Spás Eorpach na Sonraí Soghluaisteachta, tabharfar de chumhacht do chathracha agus do réigiúin cinntí níos cliste a dhéanamh le fíorshonraí, rud a fhágfaidh go mbeidh iompar poiblí níos fearr, bonneagar feabhsaithe agus soghluaisteacht uirbeach níos inbhuanaithe ann. Beidh cur chun feidhme rathúil an choincheapa sin ríthábhachtach chun ár dtimpeallacht soghluaisteachta fhoriomlán a athmhúnlú.’
Tuilleadh eolais:
theresa.sostmann@cor.europa.eu