Bulgaria
Blagomir KOTSEV
Comhalta malartach
Mayor of Varna Municipality
Riachtanais áitiúla maidir le bonneagar, slándáil agus cosaint an chomhshaoil i gcroílár na moltaí ó Choiste Eorpach na Réigiún.
Ní mór do chur chuige straitéiseach nua an Aontais Eorpaigh i leith na Mara Duibhe borradh a chur faoi gheilleagair áitiúla, bonneagar a fheabhsú, agus slándáil a mhéadú do phobail áitiúla, a dúirt Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 5 Márta.
I dtuairim a dhréachtaigh méara an chalafoirt is mó de chuid an Aontais ar an Muir Dhubh – Blagomir Kotsev (BG/Renew Europe) in Varna – d’fháiltigh CnaR roimh chur chuige níos straitéisí an Choimisiúin Eorpaigh i leith réigiúin a measadh a bheith ina ‘limistéar forimeallach’ tráth. Mar sin féin, d’áitigh sí ar an Aontas dul níos faide, trí ‘Straitéis lánfheidhme de chuid an Aontais do réigiún na Mara Duibhe’ a fhorbairt, ina mbeadh cuspóirí soiléire, táscairí inchainníochtaithe’, cistiú breise, agus gealltanais shainráite oibriú le bardais agus le réigiúin.
Déanann CnaR cur síos ar an Muir Dhubh mar ‘lárionad straitéiseach’ don iompar, don fhuinneamh agus do líonraí cáblaí digiteacha, ar réigiún é ina bhfuil an éagobhsaíocht agus an damáiste don chomhshaol mar thoradh ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus ar limistéar é atá buailte go trom ag an athrú aeráide. Tá an Mhuir Dhubh ar cheann de na farraigí is teo ar domhan, agus tá ag géarú ar chailliúint na bithéagsúlachta, ar thruailliú, ar chreimeadh cósta agus ar rioscaí tuilte.
Sa tuairim ó CnaR, cuirtear réimse leathan moltaí ar fáil atá ceaptha an tslándáil a neartú, an fás a chur chun cinn agus an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear tograí chun sásraí cibearshlándála agus slándála muirí a fheabhsú, forbairt pobal iascaireachta ar mhionscála a chothú, agus limistéir mhuirí faoi chosaint a chur leis. Ar fud na tuairime, leagtar béim ar an luach a bhaineann le hiarrachtaí níos mó chun pobail áitiúla a rannpháirtiú, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeidh baint dhíreach ag bardais agus réigiúin le pleanáil, cistiú agus cur chun feidhme agus trí chumas na riarachán áitiúil a neartú chun cur i gcoinne na bréagaisnéise, chun an t-éilliú a chomhrac agus chun geilleagair inbhuanaithe a fhorbairt.
Leagtar béim sna moltaí ó CnaR ar an ngá atá le tuilleadh taighde eolaíoch a dhéanamh ar éiceolaíocht an réigiúin agus – ar chúiseanna eacnamaíocha agus slándála araon – ar an ngá atá le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sa bhonneagar. Iarrtar sa tuairim, mar shampla, go leathnófaí eangacha cumhachta trasteorann, go gcruthófaí ‘conair ghaoithe’ ar tír agus amach ón gcósta chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, agus go ndéanfaí córais iompair an réigiúin a chomhtháthú i ngréasáin níos leithne de chuid an Aontais. Leag an tUasal Kotsev béim ar an tábhacht a bhaineann le naisc bhonneagair fheabhsaithe feadh ais thuaidh-theas, lena nasctar an Mhuir Dhubh le réigiúin Mhuir Bhailt, Mhuir Aeigéach, Mhuir Aidriad agus na Danóibe. Go háirithe, leag sé béim ar a phráinní atá sé naisc chuí a bhunú idir na trí chalafort mhóra ar chósta Mhuir Dhubh an Aontais: Constanța sa Rómáin, agus Varna agus Burgas sa Bhulgáir.
As na ceithre thír eile sa Mhuir Dhubh, tá tús curtha ag an Úcráin leis an gcaibidlíocht chun dul isteach san Aontas, tá caibidlíocht na Tuirce maidir le haontachas leis an Aontas ina stad, agus tá iarrachtaí chun comhtháthú leis an Aontas curtha ar fionraí ag an tSeoirsia. Tá an Rúis faoi réir smachtbhannaí fairsinge an Aontais faoi láthair tar éis di críoch na hÚcráine a urghabháil in 2014 agus tar éis di ionradh iomlán a dhéanamh ar an Úcráin in 2022.
Luaigh:
Blagomir Kotsev (BG/Renew Europe), méara Varna agus rapóirtéir CnaR maidir le ‘Cur chuige straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith réigiún na Mara Duibhe’: “Is é an t-aon bhealach is féidir linn cur i gcoinne dearbhuithe bréagacha Putin maidir le hEoraip dheighilte ná trí fhíorrudaí nithiúla a dhéanamh. Má tá sé d’uaillmhian ag an Eoraip réigiún na Mara Duibhe atá glan, síochánta agus rathúil a bhaint amach, ní mór di forbairt bonneagair, fás eacnamaíoch agus cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn, agus na caighdeáin dhaonlathacha is airde mar bhonn taca leo uile.”
Faisnéis chúlra:
Ábhar closamhairc: Tá taifeadtaí ar fáil den díospóireacht sa seisiún iomlánach (5 Márta 2026) agus ag an gcoimisiún beartais leis an bhFeisire Sergey Lagodinsky, comhchathaoirleach Thionól Parlaiminteach Euronest (28 Eanáir 2026).
Coiste Eorpach na Réigiún agus réigiún na Mara Duibhe: Moltar sa tuairim go gcuirfí an cur chuige straitéiseach i leith na Mara Duibhe chun feidhme trí na creataí atá ann cheana, go háirithe trí Chomhpháirtíocht an Oirthir agus trí Chomhdháil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil do Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP), mar ghné áitiúil agus réigiúnach di. Is fóram polaitiúil é CORLEAP d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha ón Aontas Eorpach agus ó thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a chruthaigh CnaR in 2011. Oibríonn CnaR leis an Úcráin freisin trí Mheitheal a chuireann comhairle ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine agus aird ar leith á tabhairt ar lánpháirtiú Eorpach na tíre.
Bulgaria
Comhalta malartach
Mayor of Varna Municipality