Léirigh tonnta teasa, falscaithe agus teagmhais adhaimsire eile ar fud na hEorpa an samhradh seo caite an phráinn a bhaineann le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus athléimneacht a neartú ar gach…
Tháinig comhaltaí Choiste ENVI Pharlaimint na hEorpa agus Choimisiún ENVE Choiste na Réigiún le chéile inniu, an 12 Deireadh Fómhair, chun an chéad bhuiséad ilbhliantúil eile de chuid an Aontais a phlé.
Agus an chaibidlíocht maidir leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais Eorpaigh ag dul isteach sa chéim dheiridh, thug ceannairí áitiúla agus Feisirí rabhadh go mbainfeadh na ciorruithe atá beartaithe ar chistiú don chomhshaol agus don aeráid an bonn go mór ó chumas na réigiún agus na gcathracha gníomhú ar son na haeráide, oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide agus a saoránaigh a chosaint ar thuilte, ar fhalscaithe agus ar thonnta teasa.
An 10 Deireadh Fómhair, chuir Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ‘bosca caibidlíochta’ nua i láthair, mar a thugtar air, a bheidh mar thúsphointe don phlé a dhéanfaidh na cinn stáit nó rialtais sa Bhruiséil an 15-16 Deireadh Fómhair chun creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an Aontais do 2028-2034 a phlé. Tá ciorruithe suntasacha ar línte buiséid sa bhosca caibidlíochta, lena n-áirítear cistiú don chomhshaol agus don aeráid faoi Phleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí (pleananna CNR) agus faoin gCiste Eorpach um Iomaíochas (CEI).
Ag an gcruinniú comhpháirteach a bhí ag Coiste ENVI i bParlaimint na hEorpa agus ag Coimisiún ENVE i gCoiste Eorpach na Réigiún, chuir comhaltaí an dá institiúid in iúl gur cúis imní dóibh na ciorruithe, débhríocht na gcuspóirí agus na sainmhínithe, an easpa úinéireachta láidre críochaí, leithdháileadh doiléir freagrachtaí, agus deireadh a chur le clár neamhspleách LIFE atá tiomnaithe do ghníomhaíocht chomhshaoil.
Leagtar síos i dtogra CAI an Choimisiúin Eorpaigh sprioc íosta ghinearálta 35 % le haghaidh caiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol – lena n-áirítear suas le 43 % sna Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí agus sa Chiste Eorpach um Iomaíochas. Mar sin féin, níl aon chlár tiomnaithe ann atá dírithe go heisiach ar an gcomhshaol agus ar ghníomhú ar son na haeráide agus atá inrochtana do pháirtithe leasmhara áitiúla agus réigiúnacha, amhail LIFE sa téarma buiséid reatha.
Tá sé léirithe arís eile ag eachtraí adhaimsire an tsamhraidh seo go bhfuil tonnta teasa, triomaigh, tuilte agus falscaithe ag éirí níos minice agus níos foréigní ar fud na hEorpa mar gheall ar dhlús a chur leis an athrú aeráide. Inniu, d’fhoilsigh Coiste Eorpach na Réigiún a thuarascáil bhliantúil maidir le staid na réigiún agus na gcathracha 2026, ina meabhraítear gur féidir le gach euro a chaitear i ngníomhaíocht oiriúnúcháin tairbhí suas le €10 a ghiniúint. D’fhoilsigh Coimisiún ENVE staidéar ar leith freisin inar leagadh béim ar a thábhachtaí atá cistiú LIFE d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha.
I mí Aibreáin 2026, d’iarr Parlaimint na hEorpa go leanfaí de na gníomhaíochtaí reatha maidir le caomhnú an dúlra, athbhunú na bithéagsúlachta, oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar thruailliú agus rialachas comhshaoil faoin gcéad CAI eile, le cistiú tiomnaithe €3 bhilliún thar an tréimhse bhuiséadach i bpraghsanna tairiseacha 2025.
Sleachta
Dúirt Pierfrancesco Maran (IT/S&D), Cathaoirleach an Choiste um an gComhshaol, um Athrú Aeráide agus um Shábháilteacht Bia sa Pharlaimint: “Leis an gcéad CAI eile, ní mór dúinn a bheith in ann dul i ngleic le hamanna dúshlánacha agus ullmhú don todhchaí. Téann na ciorruithe atá beartaithe sa treo eile: d’fhágfadh siad go mbeadh ár bpobail agus ár gcríocha níos leochailí. Tugann gach euro a infheistítear san athléimneacht agus san oiriúnú suas le deich euro ar ais i bhfillteacha, agus is é sin an loighic ba cheart dúinn a leanúint sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile. Ní mór athléimneacht a bheith mar chuid de gach clár a mhaoiníonn an tAontas, ionas go gcosnófar ár bpobail amárach leis an méid a infheistímid sa lá atá inniu ann. Is éard atá i gceist leis sin an sprioc maidir le 35 % ar a laghad den chistiú le haghaidh gníomhú ar son na haeráide agus an chomhshaoil a choinneáil, agus a áirithiú go léireofar é sin sa CAI ina iomláine, i mbuiséad níos uaillmhianaí. Tá cistiú tiomnaithe intuartha de dhíth ar an mbithéagsúlacht freisin. Tá an Coiste Comhshaoil tiomanta a chinntiú go n-ullmhóidh an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais sinn do thosaíochtaí agus do dhúshláin an 21ú haois.”
Seo mar a labhair Kostas Bakoyannis (EL/PPE), Cathaoirleach Choimisiún ENVE in CnaR agus Comhalta de Chomhairle Cathrach na hAithne: “Ní saincheist ar an imeall é an beartas comhtháthaithe: is colún lárnach é d’Eoraip níos láidre, níos aontaithe agus níos iomaíche. Agus an chaibidlíocht maidir leis an gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais ag dul isteach i gcéim chinntitheach, ní mór dúinn a bheith soiléir: dá laghdófaí cistiú an bheartais comhtháthaithe, lagófaí cumas na hEorpa freagairt don ghéarchéim aeráide sna háiteanna is tábhachtaí — inár gcathracha, inár réigiúin agus inár bpobail. Is mian linn buiséad de chuid an Aontais a fheiceáil lena gcosnófar cistiú láidir do réigiúin agus do chathracha, lena ndaingneofar fíorról do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí, agus lena gcaomhnófar tacaíocht thiomnaithe do ghníomhaíocht ar son na haeráide agus an chomhshaoil gar do na saoránaigh.’
Tuilleadh eolais
Teagmháil
Lauri Ouvinen
teil. +32473536887
lauri.ouvinen@cor.europa.eu