An bhréagaisnéis a chomhrac

buravleva / Adobe Stock

Ar an leathanach seo

An bhréagaisnéis agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, is dúshláin leanúnacha anois iad sin do shochaithe daonlathacha agus tá tionchar acu ar dhíospóireacht phoiblí, ar phróisis toghcháin agus ar mhuinín an phobail as institiúidí. Chun na dúshláin sin a shárú, tá gá le freagairtí comhordaitheina ngníomhóidh an tAontas in éineacht leis an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus rannpháirtíocht láidir ann ar an leibhéal sin. Chun athléimneacht dhaonlathach a neartú, áfach, tá gá le cineálacha cur chuige atá curtha in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla agus a bhfuil uirlisí iomchuí agus creataí comhair ag tacú leo.

Tá aird tarraingthe ag Coiste Eorpach na Réigiún ar ról lárnach na n-údarás áitiúl agus réigiúnach sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise mar gheall ar a chóngaraí atá siad do na saoránaigh, mar gheall ar an ról atá acu sa chumarsáid phoiblí agus mar gheall ar a rannpháirtíocht i réimsí amhail an t-oideachas, litearthacht sna meáin agus rannpháirtíocht an phobail. Tá an obair sin mar chuid d’iarracht níos leithne chun an daonlathas a neartú laistigh den Aontas Eorpach agus i dtíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha araon.  

Ar an leathanach seo, tugtar forléargas neamh-uileghabhálach ar thuairimí, staidéir agus acmhainní áirithe ón Aontas atá ábhartha do CnaR, rud a chuireann pointe iontrála praiticiúil ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do chleachtóirí agus do pháirtithe leasmhara atá ag obair chun cur i gcoinne na bréagaisnéise.

Staidéir