Is é aidhm an Líonra
- cuidiú le CnaR teagmháil a dhéanamh le comhairlí áitiúla agus réigiúnacha agus leis an milliún polaiteoir áitiúil agus réigiúnach i réigiúin uile an Aontais;
- cuidiú le tionscnaimh pholaitiúla CnaR a chur chun cinn;
- eolas a scaipeadh faoi bheartais an Aontais Eorpaigh atá ábhartha ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;
- do thaithí agus d'eolas a roinnt le cinnteoirí ar leibhéal an Aontais trí bhíthin líonraí agus gníomhaíochtaí CnaR;
- tacú leat an Eoraip a thabhairt níos gaire do na saoránaigh.
A bhfuil á thairiscint againn
- cuirí chuig imeachtaí, seisiúin faisnéise théamacha ar líne agus díospóireachtaí polaitiúla ardleibhéil;
- seisiúin faisnéise maidir leis na forbairtí is déanaí ar bheartais an Aontais Eorpaigh atá ábhartha ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;
- suaitheantas pearsantaithe chun rochtain a fháil ar áitreabh CnaR sa Bhruiséil nó chun áitreabh CnaR a úsáid;
- leagan pearsantaithe de nuachtlitir CnaR agus aip nua ar líne do chomhaltaí;
- tacaíocht do do thionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha (comhphlé leis na saoránaigh, cuir i gcás).
Conas is féidir leat páirt a ghlacadh ann
- trí chabhrú linn tionscnaimh pholaitiúla agus tograí polaitiúla de chuid an Choiste agus faisnéis ghinearálta faoin Aontas Eorpach a chur in iúl do phobal níos leithne;
- trí pháirt a ghlacadh in imeachtaí áitiúla maidir le gnóthaí AE a eagraítear i do réigiún nó i do chathair;
- trí smaointe nó tionscnaimh nua a mholadh.