Is sraith podchraoltaí atá sa tionscnamh Echoes of EuroPCom a mbeidh sé phodchraoladh inti ar a bpléifear na hábhair chéanna agus a phléitear i gcomhdháil bhliantúil EuroPCom sa chaoi gur féidir meanma na gcomhráite sin a choinneáil beo ó cheann ceann na bliana trí léargais úra, guthanna éagsúla agus díospóireachtaí réamhbhreathnaitheacha a tharraingt isteach sa scéal.
Sa chéad sraith, dírítear ar thrí phríomhthéama ar a mbeidh todhchaí na cumarsáide poiblí bunaithe, is iad sin an Intleacht Shaorga, na Meáin Shóisialta agus an Daonlathas. Baineann siad freisin le príomhthéamaí treoracha eagrán 2026 mar atá Daoine, Áiteanna agus Tréimhsí.
Is dearcthaí ón Aontas agus lasmuigh den Aontas araon a chloistear ar na cláir, rud a spreagann idirphlé idirdhisciplíneach agus a thugann dúshlán don smaointeoireacht thraidisiúnta.
Ba ar mhaithe le cumarsáidithe poiblí ar mian leo leanúint dá gcuid oibre le teann fiosrachta, cur lena smaointeoireacht chriticiúil agus borradh a chur faoina líonraí a ceapadh Echoes of EuroPCom, agus is ann a thagann smaointe chun cinn i bhfad tar éis dheireadh na comhdhála.