Tá CnaR ag obair i ndlúthchomhar le Comhdháil na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach i gComhairle na hEorpa. Is de thiomantas an dá institiúid sin an daonlathas a neartú agus a chur chun cinn go háitiúil agus go réigiúnach.
Cuirtear an comhar sin chun cinn le cruinnithe bliantúla den Ghrúpa Ardleibhéil idir CnaR agus an Chomhdháil.
Comhar leanúnach
Leanann an dá institiúid de réimsí leasa choitinn a fhiosrú d’fhonn sineirgí a fheabhsú, bealaí a lorg chun cosaint níos fearr a dhéanamh ar luachanna comhroinnte agus béim á leagan acu freisin ar ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir leis an daonlathas a neartú, go háirithe i bhfianaise na mbagairtí iomadúla atá ann faoi láthair ar athléimneacht na gcóras daonlathach. Tá CnaR agus an Chomhdháil ag obair i gcomhar le chéile freisin chun tacú le cathracha agus réigiúin san Úcráin, agus tá an Chomhdháil ina comhpháirtí institiúideach de Chomhghuaillíocht na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine.
Cúlra
Is obair leantach é an comhaontú comhair athbhreithnithe a síníodh in 2018 (féach doiciméid ghaolmhara) ar chomhaontú comhair a síníodh idir an dá institiúid in 2005, comhaontú a cuireadh ar bhonn foirmiúil in 2009 agus inar leagadh amach go sonrach na réimsí spéise agus na modhanna comhair. Bhí sé d’aidhm ag an gcomhaontú athbhreithnithe próiseas comhair cuíchóirithe a chruthú trí Ghrúpa Ardleibhéil a bhunú ina dtugtar le chéile Uachtarán CnaR, an chéad Leas-Uachtarán agus cathaoirleach CIVEX, mar aon le hUachtarán na Comhdhála agus an bheirt Uachtarán ar Dhlísheomraí na Comhdhála. Eagraítear na cruinnithe sin uair sa bhliain agus CnaR mar óstach gach dara bliain agus an Chomhdháil mar óstach na blianta eile. Eagraítear na cruinnithe sin sa bhreis ar an gcomhar leanúnach atá ar siúl i réimsí beartais ábhartha eile.