Baineann an ráiteas seo le haip Choiste Eorpach na Réigiún.
Is é Coiste Eorpach na Réigiún a dhéanann bainistiú ar an aip seo.
Ba chóir duit a bheith in ann:
- féachaint air ar scáileáin de mhéideanna éagsúla;
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den aip trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheanta cainte ar do ghléas móibíleach.
Stádas comhréireachta
Tá an aip mhóibíleach seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus na Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA. Féach ‘Ábhar nach bhfuil inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.
Rinneadh an aip a thástáil go deireanach an 26 Bealtaine 2025.
Ullmhú an ráitis seo
Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo an 28 Bealtaine 2025.
Ullmhaíodh an ráiteas seo bunaithe ar fhéinmheasúnú agus ar aiseolas ó Google Play Developer Console. Cuireadh aiseolas ón Console i bhfeidhm go páirteach.
Aiseolas
Ba mhór againn aiseolas a fháil uait maidir le hinrochtaineacht aip mhóibíleach Choiste Eorpach na Réigiún. Cuir in iúl dúinn é má thagann bacainní inrochtaineachta romhat:
- Teil: +32 2 282 22 11
- Foirm theagmhála: Déan teagmháil linn
Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn atá freagrach an fiosrúchán uait.
Comhoiriúnacht leis na teicneolaíochtaí cúnta
Tá aip Choiste na Réigiún deartha chun bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta seo a leanas:
- Córais oibriúcháin Android agus iOS
- Na leaganacha is déanaí de na léitheoirí scáileáin amhail TalkBack (Android) agus VoiceOver (iOS)
- Uirlisí coiteanna um rialú gutha agus rochtain lasctha
Ábhar nach bhfuil inrochtana
Tá roinnt gnéithe den aip nach bhfuil inrochtana go hiomlán. Go sonrach:
- níl lipéid shoiléire nó thuairisciúla ar chnaipí agus íomhánna áirithe, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar thuiscint úsáideoirí a bhíonn ag brath ar léitheoirí scáileáin;
- tá roinnt réimsí idirghníomhacha níos lú ná mar a mholtar, rud a d’fhéadfadh an nascleanúint a dhéanamh ní ba dheacra d’úsáideoirí a bhfuil deacrachtaí lámhaigh acu;
- tá easpa codarsnachta ar ghnéithe téacs agus amhairc i réimsí áirithe, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don inléiteacht d’úsáideoirí faoi lagamharc;
- tá roinnt dea-chleachtas maidir le hinrochtaineacht theicniúil nár cuireadh chun feidhme ina n-iomláine go fóill.
Tá obair ar siúl chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus chun feabhas a chur ar inrochtaineacht fhoriomlán na haipe.