Trí bheith ag tacú le gníomhaíocht an Aontais atá dírithe glan ar na hoileáin, cuireann Grúpa Idir-Réigiúnach na Réigiún Oileánach treise le glór na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí san Eoraip. Thar ní ar bith eile, is é is aidhm don ghrúpa cloch choirnéil a dhéanamh den uathúlacht gheografach i bpróiseas an cheaptha beartas san Eoraip i réimse fairsing earnálacha, ina measc sin an córas iompair, infheistíochtaí, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, an geilleagar ciorclach, an t-iomaíochas, turasóireacht inbhuanaithe, athléimneacht uisce agus tuilleadh eile nach iad.
Tá cinntí móra straitéiseacha le déanamh ag an Eoraip i dtaca le todhchaí na réigiún oileánach an tráth seo agus athbhreithniú meántéarma á dheanamh ar an mbeartas comhtháthaithe; tiomantas léirithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis do na réigiún is forimeallaí; an uaillmhian atá fógartha straitéis thiomnaithe a chur ar bun d’oileáin an Aontais; agus caibidlíocht ar na bacáin maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile agus ar an mbeartas comhtháthaithe tar éis 2027. Sa chomhthéacs ríthábhachtach sin, is tábhachtaí ná riamh an ghné oileánach a chosaint agus a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais.
Misean
Is iad seo a leanas misin an ghrúpa idir-réigiúnaigh:
- an ghné fhonáisiúnta a neartú trí chomhdheiseanna forbartha a áirithiú le haghaidh na n-oileán;
- na hoileáin a chur i gcroílár bheartas iompair an Aontais chun nascacht agus soghluaisteacht a fheabhsú;
- beartas infheistíochta saincheaptha de chuid an Aontais a chur ar fáil lena ngabhfadh ionstraimí agus bearta sonracha do rialtais na n-oileán;
- leasuithe a mholadh ar na rialacha maidir le státchabhair do na réigiúin chun go gcuirfear fíorstaid na réigiún oileánach san Aontas san áireamh;
- cúiteamh a dhéanamh ar leochaileacht na n-oileán maidir leis an athrú aeráide trí bhíthin bearta spriocdhírithe chun oiriúnú don athrú aeráide agus chun athléimneacht a chothú;
- tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach trí bhainistiú inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn ar fud na n-oileán;
- borradh a chur faoi iomaíochas agus fiontraíocht na n-oileán trí thacaíocht agus dreasachtaí níos fearr a chur ar fáil;
- na huirlisí a úsáideann an tAontas chun anailís chríochach a dhéanamh a neartú trí chatagóirí staidrimh nua a bhaineann go sonrach leis na hoileáin agus leis na réigiúin oileánacha;
- comhlachtaí a chur ar bun laistigh de struchtúir rialachais an Aontais chun dul i ngleic go sonrach le saincheisteanna a bhaineann leis na hoileáin chun a chinntiú go dtabharfar aird orthu ar bhonn leanúnach.