Deais Leochaileachta: athléimneacht ó thubaistí á neartú ar fud an Aontais Eorpaigh

Bain úsáid as an Deais Leochaileachta idirghníomhach chríochbhunaithe agus an tsraith scéalta spreagúil d’fhonn tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a neartaíonn léargais shonraíbhunaithe agus gníomhaíochtaí áitiúla athléimneacht ó thubaistí ar fud an Aontais Eorpaigh.

© maribom/ Adobe stock.com

Ar an leathanach seo

Tá Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh (JRC) tar éis dul i gcomhar le chéile chun na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú maidir le hathléimneacht ó thubaistí a neartú, sa chaoi go n-áiritheofar go mbeidh pobail níos ullmhaithe do na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide agus le teagmhais adhaimsire, cuir i gcás tuilte, falscaithe agus tonnta teasa. 

Is uirlis nuálach idirghníomhach í an Deais Leochaileachta a d’iarr Coiste Eorpach na Réigiún agus a d’fhorbair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde chun gur fearr a bheifí in ann leochaileachtaí chríocha na hEorpa i leith tubaistí a thuiscint, a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu. Trí anailís a dhéanamh ar tháscairí lena gcumhdaítear cúig ghné (an ghné shóisialta, eacnamaíoch, pholaitiúil, chomhshaoil agus fhisiciúil), tugann an uirlis seo léargas ar a bhfuil ag tarlú chomh fada síos le leibhéal NUTS3, agus rioscaí á dtomhas aici le himeacht ama. Is ríthábhachtach an ionstraim shonraíbhunaithe sin do lucht ceaptha beartas, ós rud é go gcuireann sí ar a gcumas cinntí eolasacha a dhéanamh arb é is aidhm dóibh athléimneacht ó thubaistí a fheabhsú laistigh dá bpobail. 

Sa tsraith scéalta dar teideal Success Stories of Investing in Disaster Resilience [Infheistíochtaí rathúla a rinneadh san Athléimneacht ó Thubaistí], cuirtear cúig chás-staidéar spreagúla i láthair ina léirítear an chaoi a bhfuil infheistíocht éifeachtach á déanamh ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud na hEorpa san athléimneacht ó thubaistí. Is ar an bhfoilseachán ó CnaR dar teideal Local and regional success stories of investing in disaster resilience [Infheistíochtaí rathúla a rinneadh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach san athléimneacht ó thubaistí] atá an méid sin bunaithe. 

Léiríonn na tionscadail sin an dlúthnasc atá idir an eolaíocht agus an beartas, agus a mhéid a chuireann léargais shonraíbhunaithe leis na próisis chinnteoireachta. Toisc fianaise eimpíreach agus fíorthaithí áitiúil á dtabhairt le chéile sa tsraith scéalta, is cumhachtach an uirlis í chun gníomhaíochtaí a spreagadh lena maolaítear rioscaí agus lena gcuirtear athléimneacht chun cinn ar fud an Aontais Eorpaigh.