Hungary
Kata TÜTTŐ
Comhalta
Member of the General Assembly of Budapest Capital
Ag ócáid bhliantúil an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh an 19 Márta, bhuail Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Kata Tüttő, le Wopke Hoekstra, an Coimisinéir Eorpach um Aeráid, Glan-Nialasacht agus Fás Glan. D’áitigh an tUachtarán Tüttő, in éineacht le grúpa Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide in CnaR, go neartófaí an t-idirphlé leis na cathracha agus na réigiúin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda araon chun sprioc na haeráidneodrachta a bhaint amach gan aon duine ná aon áit a fhágáil ar lár.
Seo mar a labhair an tUachtarán Tüttő: “Samhail fhoirfe is ea an Comhshocrú Aeráide don ghníomhaíocht ón mbun aníos lena dtugtar le chéile daoine aonair, pobail agus eagraíochtaí chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun dul in oiriúint do na hiarmhairtí a bhaineann leis. Ní mór do gach duine a gcion féin a dhéanamh, agus tá cathracha agus réigiúin an Aontais tiomanta i gcónaí do chuspóirí na haeráidneodrachta agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach toisc gurb sinne is túisce a bhraitheann tionchar díreach an athraithe aeráide. Is é an cúram ríthábhachtach atá orainn na beartais ghlasa a chur chun feidhme ar an láthair ar bhealach a rachaidh chun tairbhe do na saoránaigh agus do na pobail áitiúla i ngach cearn den Eoraip. Mar sin féin, ní féidir linn é sin a dhéanamh gan tacaíocht leordhóthanach ón Aontas agus ón leibhéal náisiúnta. Ní mór guth na rialtas áitiúil agus réigiúnach a chloisteáil ar an leibhéal Eorpach agus ag na táblaí caibidlíochta domhanda maidir leis an aeráid.’
Tá Coiste Eorpach na Réigiún rannpháirteach sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach arb é is aidhm dó saoránaigh a chumhachtú chun Eoraip níos glaise a mhúnlú. Iarrtar ar chomhaltaí CnaR páirt a ghlacadh sa tionscnamh seo mar Ambasadóirí CnaR le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide. Ghlac ochtar acu sin páirt in imeacht suaitheanta na bliana seo a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach.
Hungary
Comhalta
Member of the General Assembly of Budapest Capital