Víctor Moreno Morales de Setién
victor.morenomoralesdesetien@cor.europa.eu
Tá a thograí leagtha amach ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) maidir le straitéis mhacrairéigiúnach Atlantach an Aontais atá ag teacht chun cinn, ina n-iarrtar naisc iompair agus fuinnimh níos fearr, cistiú comhordaithe agus ról foirmiúil iomlán do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina rialachas.
Glacadh an tuairim ‘Macrairéigiún an Atlantaigh’ ag seisiún iomlánach CnaR an 14 Deireadh Fómhair. Freagraíonn sé don iarraidh a rinne an Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2025 ar an gCoimisiún Eorpach, i gcomhar leis na Ballstáit, straitéis mhacrairéigiúnach Atlantach a fhorbairt faoi mhí an Mheithimh 2027.
Tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí Straitéis Mhuirí an Atlantaigh atá ann cheana a chomhtháthú sa straitéis, go neartófaí an nascacht agus an comhtháthú críochach feadh bhord farraige an Atlantaigh agus go dtacófaí léi le creat cistiúcháin lena gcaomhnófaí gné chríochach an bheartais comhtháthaithe.
Thabharfadh an togra dúshláin mhuirí agus talamhbhunaithe le chéile faoi straitéis aonair do limistéar an Atlantaigh.
Rinne an rapóirtéir Ander Caballero Barturen (ES/Renew Europe), Ardrúnaí um Ghníomhaíocht Sheachtrach Rialtas Thír na mBascach, agus Uachtarán Phobal Féinrialaitheach Thír na mBascach, Imanol Pradales Gil (ES/Renew Europe), cur síos ar fhorbairt straitéis mhacrairéigiúnach mhuirí an Atlantaigh mar chéim stairiúil do limistéar an Atlantaigh, agus chuir siad an tuairim i láthair i seisiún iomlánach CnaR.
Nascacht, aeráid agus déimeagrafaíocht
Leagtar béim sa tuairim ar an meascán de dhúshláin gheografacha, eacnamaíocha agus chomhshaoil atá os comhair bhord farraige an Atlantaigh. Áirítear orthu sin achar ó phríomhionaid eacnamaíocha an Aontais, naisc iompair neamhleora, daonraí atá ag dul in aois, an baol dídhaonraithe, imirce neamhrialta ó chósta na hAfraice Thiar agus nochtadh méadaitheach d’adhaimsir. Tá dúshláin bhreise roimh roinnt acu freisin a bhaineann le stádas an réigiúin is forimeallaí san Aontas.
Tá CnaR ag iarraidh go mbeadh naisc iarnróid, chalafoirt, fuinnimh agus dhigiteacha níos láidre ann, go háirithe naisc iarnróid idir réigiúin Atlantacha Leithinis na hIbéire agus an chuid eile den Eoraip.
Iarrann sé freisin go nglacfadh an straitéis cur chuige críochach difreáilte lena seachnófaí tairbhí a chomhchruinniú sna ceantair is rathúla, agus infheistíocht a dhéanamh chun bailte beaga, sráidbhailte agus pobail iargúlta a dhéanamh níos tarraingtí mar áiteanna cónaithe agus oibre, agus ar an gcaoi sin an ‘ceart fanachta’ a thugtar air sa tuairim a neartú.
Tosaíochtaí agus maoiniú
Tacaíonn CnaR le cúig thosaíocht an treochláir a dhréachtaigh Comhdháil Réigiúin Mhuirí Fhorimeallacha na hEorpa de Choimisiún Arc an Atlantaigh: eadhon nuálaíocht agus inbhuanaitheacht, idirnaisc fheabhsaithe, oiriúnú don athrú aeráide, comhtháthú sóisialta agus rialachas níos fearr. Moltar ann gné thrasearnálach a chur leis, lena gcuimsítear ceannasacht theicneolaíoch, slándáil gheo-eacnamaíoch agus athléimneacht thionsclaíoch an Atlantaigh.
Maidir le cistiú, ba cheart, dar le CnaR, an straitéis a ailíniú le hionstraimí an Aontais faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa III, na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus an Ciste Eorpach um Iomaíochas. Is mian leis an gCoiste Interreg a chaomhnú agus a neartú, diúltaíonn sé d’aon chur chuige láraithe a d’fhéadfadh gné chríochach an bheartais comhtháthaithe a lagú agus leagann sé béim ar ‘chomhchiste fíorúil’ trína ndéanfadh réigiúin an Atlantaigh cláir agus glaonna a chomhordú agus a gcistí dílse á mbainistiú acu ag an am céanna.
Rialachas il-leibhéil
Moltar sa tuairim uachtaránacht rothlach aonair, a bheidh ag gach Ballstát ar feadh dhá bhliain in éineacht lena réigiúin, agus Comhthionól Ginearálta aonair. Dhéanfaí Coiste Stiúrtha Muirí an Atlantaigh atá ag an Aontas cheana a chomhlánú le coiste stiúrtha nua le haghaidh tosaíochtaí ar talamh. Bheadh ionadaí ag gach coiste sa choiste eile.
Moltar sa tuairim ó CnaR freisin gur cheart rúnaíocht bhuan, arna maoiniú go príomha trí Interreg, a bheith ag feidhmiú go hiomlán faoin dara leath de 2027, in éineacht le Faireachlann Atlantach agus Meitheal Chomhpháirteach um Maoiniú. Cuirtear i bhfios go láidir sa tuairim freisin gur cheart don mhacrairéigiún leanúint de bheith oscailte do chomhar le críocha nach críocha de chuid an Aontais iad atá nasctha le clár farraige an Atlantaigh, a bhféadfadh an Ríocht Aontaithe agus Ceanada a bheith rannpháirteach ann le himeacht ama, chomh maith le náisiúin agus réigiúin amhail an Bhreatain Bheag agus Québec.
Cúlra
Déan teagmháil leis
an Víctor Moreno Morales de Setién
Teil. +32 475 999 662
victor.morenomoralesdesetien@cor.europa.eu
victor.morenomoralesdesetien@cor.europa.eu
Spain
Comhalta
President of the Autonomous Community of the Basque Country
Spain
Comhalta malartach
General Secretary for External Action and a Global Basque Country, Government of the Basque Country