Theresa Sostmann
Theresa.Sostmann@cor.europa.eu
Tháinig baill na Comhghuaillíochta le chéile i Monza chun a gcuid moltaí a chur ar aghaidh maidir le conas aistriú cóir a chinntiú.
Tá méadú ag teacht ar na dúshláin atá roimh thionscal na ngluaisteán san Eoraip, ón aistriú go teicneolaíochtaí atá neodrach ó thaobh carbóin de, cur isteach ar shlabhraí soláthair, iomaíocht mhéadaitheach ón Áise go héileamh laghdaithe ar shamhlacha leictreacha. Sa chomhthéacs sin, thionóil Comhghuaillíocht Réigiúin na nGluaisteán (ARA) dá 3ú comhdháil pholaitiúil bhliantúil an 29 Samhain i Monza na hIodáile, chun aghaidh a thabhairt ar straitéisí le haghaidh aistriú cóir agus iomaíoch in earnáil mótarfheithiclí na hEorpa chun iomaíochas domhanda an tionscail a choinneáil.
Thug an chomhdháil ionadaithe le chéile ó fhormhór na 36 réigiún is comhaltaí den Chomhghuaillíocht a chuir ábhair imní na hearnála mótarfheithiclí chun cinn ina réigiúin agus a d’athdhearbhaigh a dtiomantas dícharbónú a dhéanamh ar earnáil iompair na hEorpa agus éiceachórais thionsclaíocha réigiúnacha agus cruthú luacha a neartú ag an am céanna gan aon réigiún mótarfheithiclí a fhágáil ar lár.
Ghlac siad ‘DearbhúMonza’,lena n-athdhearbhaítear uaillmhianta aeráide na hEorpa agus lena n-éilítear níos mó tacaíochta ón Aontas d’iomaíochas thionscal na ngluaisteán. Cé go dtacaíonn ARA le spriocanna dícharbónaithe an Aontais, leag na rannpháirtithe béim ar a thábhachtaí atá treochlár soiléir cobhsaí chun réigiúin an tionscail gluaisteán a threorú tríd an aistriú sin. Ba dhíol sásaimh don Chomhghuaillíocht an bhéim a leag an Coimisiún Eorpach ar neodracht na teicneolaíochta agus béim á leagan ar an leictriú mar phríomhstraitéisí don dícharbónú ach leag sí béim ar an ngá atá le teicneolaíochtaí malartacha atá neodrach ó thaobh na haeráide de a fhiosrú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais éagsúla soghluaisteachta.
Leagtar béim sa dearbhú freisin ar an ngá atá le reachtaíocht chomhleanúnach ón Aontas chun tacú leis an aistriú, lena n-áirítear bealach cobhsaí chun spriocanna astaíochtaí nialasacha 2035 a bhaint amach agus athbhreithniú luath ar rialacháin maidir le hastaíochtaí, tacaíocht spriocdhírithe d’fheithiclí atá neodrach ó thaobh carbóin de, agus cistiú bonneagair amhail do phointí luchtaithe. D’iarr comhaltaí ARA go n-áiritheofaí ceannasacht an Aontais i mbainistiú sonraí feithicle, agus d’iarr siad go mbeadh rialacháin shoiléire ann chun nuálaíocht a chothú agus cuideachtaí agus tomhaltóirí Eorpacha á gcosaint ag an am céanna. I bhfianaise thionchair mhóra shóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe sin, leag an Chomhghuaillíocht béim ar a thábhachtaí atá réitigh réigiúnacha agus áitbhunaithe chun tacú le geilleagair agus oibrithe áitiúla. D’iarr sí freisin go mbeadh sásraí láidre cistiúcháin ann faoin gCreat um Aistriú Cóir chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair na réigiún atá ag brath go mór ar an earnáil mótarfheithiclí.
Le linn na comhdhála, ghlac réigiún na Lombairde cathaoirleacht an Chomhaontais, agus Grand-Est mar leas-chathaoirleach nua. Sna míonna amach romhainn, tá sé d’aidhm ag ARA dlús a chur lena chomhar leis an Aontas agus le geallsealbhóirí eile agus gheall sé oibriú go dlúth le CnaR agus leis an Idirghrúpa in CnaR maidir le Todhchaí an Tionscail Gluaisteán chun aistriú rianúil agus cothrom a áirithiú do gach réigiún agus do gach geallsealbhóir.
Sleachta athfhriotail:
Arianna Maria CENSI (IT/PSE), Leas-Mhéara um Shoghluaisteacht Milano agus leas-chathaoirleach Choimisiún COTER Choiste na Réigiún: ‘Tá Coiste Eorpach na Réigiún tiomanta go daingean d’aistriú cóir a áirithiú ar fud réigiúin uile na hEorpa. In earnáil na ngluaisteán — ár gcnámh droma tionsclaíoch agus fórsa tiomána taobh thiar d’éiceachórais taighde agus nuálaíochta réigiúnacha — tá an tacaíocht seo ríthábhachtach. Is le tacaíocht láidir ón Aontas Eorpach, laistigh agus lasmuigh den bheartas comhtháthaithe araon, agus leis sin amháin, is féidir linn aistriú cothrom iomaíoch a bhaint amach a bheidh ag teacht lenár spriocanna aeráide.’
Guido Guidesi, Aire Réigiúnach Forbartha Réigiúnaí na Lombairde agus cathaoirleach ARA: “Beidh obair ár gComhghuaillíochta de 36 Réigiún ríthábhachtach chun iarracht a dhéanamh tograí nithiúla a chur faoi bhráid an chéad Choimisiúin Eorpaigh eile, agus smaointe a chuirfidh ar chumas na hearnála mótarfheithiclí a bheith straitéiseach amach anseo. Tá stair eacnamaíoch na mór-roinne cruthaithe ag an earnáil sin agus sa lá atá inniu ann tá bearta ceartaitheacha de dhíth uirthi ar an leibhéal Eorpach chun géarchéim dho-aisiompaithe a sheachaint.’
María Victoria CHIVITE NAVASCUÉS (ES/PSE), Uachtarán Rialtas Réigiúnach Navarra agus cathaoirleach ARA atá ag dul as oifig: “Ní mór don Eoraip tacaíocht láidir, shoiléir a chur ar fáil dár dtionscal le freagairt thapa, treochlár, agus tacaíocht airgeadais do thodhchaí dhigiteach agus inbhuanaithe. Is mór againn an bhéim a leagtar sa dearbhú ar chonair chobhsaí sa tionscal chun spriocanna astaíochtaí a bhaint amach, go háirithe astaíochtaí nialasacha faoi 2035. Tá cinnteacht de dhíth ar an tionscal do mhonaróirí, do sholáthraithe, d’oibrithe agus do shaoránaigh. Ina theannta sin, níor cheart an inbhuanaitheacht a bheith thíos leis an iomaíochas.’
Marco MARSILIO (IT/ECR), Uachtarán réigiún Abruzzo agus rapóirtéir CnaR maidir leis an tuairim ‘Aistriú Cóir do réigiúin uile an Aontais’: “Mura nglacfaimid cur chuige níos céimsí i leith an aistrithe, beidh pacáiste tacaíochta ollmhór de dhíth orainn chun aistriú thionscal na ngluaisteán a éascú. Dá bhrí sin, inniu freisin le Dearbhú Monza, iarraimid neodracht theicneolaíoch, agus leis sin ní hamháin go gciallaímid ríomhbhreoslaí ach bithbhreoslaí freisin mar bhealaí malartacha chuig mantra na feithicle leictrí.’
Tuilleadh eolais:
Is tionscnamh de chuid Choiste Eorpach na Réigiún é Comhaontas Réigiúin an Tionscail Gluaisteán, ina bhfuil 36 réigiún rannpháirteacha, a aithníonn an gá atá le gníomhaíocht chinntitheach chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Is é is aidhm dó réigiúin ina bhfuil earnáil láidir mótarfheithiclí a thabhairt le chéile ar mian leo ról gníomhach a bheith acu i ndícharbónú na hearnála iompair agus rannchuidiú le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, chun aistriú cóir a áirithiú do réigiúin an tionscail gluaisteán.
Le glacadh an chéimnithe amach dócháin inmheánaigh faoi 2035, tá ról lárnach ag an gComhghuaillíocht: tá sainordú ag an gCoimisiún Eorpach tuarascáil a thabhairt faoi dheireadh 2025 maidir leis na hacmhainní buiséadacha atá ag teastáil chun an t-aistriú sin a dhéanamh cothrom do chách. Cuireann na reachtóirí ceangal ar an gCoimisiún Eorpach a thuarascáil a bhunú ar obair Chomhghuaillíocht Réigiúin Gluaisteán. Beidh ARA ina chomhpháirtí éifeachtach freisin chun tacú leis an Idirphlé Straitéiseach ar Thodhchaí Thionscal na gCarr san Eoraip a fógraíodh le déanaí, faoi stiúir an Uachtaráin Ursula von der Leyen agus le tacaíocht ón gCoimisinéir nua um Iompar agus ó iar-Uachtarán CnaR, Apostolos Tzitzikostas, chun páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile agus réitigh a dhearadh le haghaidh aistriú domhain suaiteach an tionscail.
Tá an t-aistriú cóir i réigiúin an tionscail gluaisteán san Eoraip ríthábhachtach do ARA agus do Choiste na Réigiún. Le linn an tseisiúin iomlánaigh a bhí aige i mí Dheireadh Fómhair, ghlac CnaR an tuairim “A just transition for all EU regions” [Aistriú cóir do réigiúin uile an Aontais], leis an rapóirtéir Marco Marsilio (IT/ECR), Uachtarán réigiún Abruzzo, ina n-iarrtar cistiú spriocdhírithe ón Aontas agus cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun aistriú cóir a áirithiú nach gcuirfidh iomaíochas réigiúin agus thionscail na hEorpa i mbaol.
Teagmháil:
Theresa Sostmann
Uimhir ghutháin: + 32475999415
Theresa.Sostmann@cor.europa.eu
Italy
Comhalta
Member of the Local Executive of Milan
Comhalta
President of Navarra, Government of Navarra
Italy
Comhalta
President of the Abruzzo Region