Féachann údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe ar dheiseanna chun bearnaí sa chaidreamh a dhúnadh tar éis Brexit
Ar an leathanach seo
- Caidreamh seachtrach, Méadú agus Beartas Comharsanachta
- An Ríocht Aontaithe
Tháinig ceannairí áitiúla agus réigiúnacha le chéile i nDún Éideann an 11 Samhain chun plé a dhéanamh arconas an caidreamh idir údaráis fhonáisiúnta san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe a fhorbairta thuilleadh, ag díriú ar a thábhachtaí atá sémalartuithe idir piaraí a chur chun cinn, go háirithe trí shoghluaisteacht taighdeoirí agus mac léinn.
Leag comhaltaí an Ghrúpa Teagmhála idir Coiste Eorpach na Réigiún agus an Ríocht Aontaithe, a bhí á óstáil ag Coinbhinsiún Údaráis Áitiúla na hAlban (COSLA) i gcomhar leRialtas nahAlban agus Parlaimint na hAlban,béim ar an luach a bhaineann le malartuithe óige, comhoibriú cultúrtha, agus comhpháirtíochtaí acadúla chun meon an chomhair agus na dlúthpháirtíochta achothabháil– teachtaireacht a cuireadh ibhfios go láidir le huainiú an chruinnithe, ar Lá an Chuimhneacháin.
Ó bunaíodh é in 2020, tá an Grúpa Teagmhála ag áitiú gur gá d’údaráis fhonáisiúnta a bheith rannpháirteach i ngach plé idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach a bhfuil gné chríochach agus gné na saoránach ag baint leis, pointe a rinneadh arís le linn an chruinnithe.
Tionóladh an cruinniú i nDún Éideann — an dara huair a tháinig an Grúpa Teagmhála le chéile sa Ríocht Aontaithe,tar éis cruinniú in Caerdydd in 2022 – i gcomhthéacs móiminteam polaitiúil chun an caidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach a athshocrúidir rialtas na Ríochta Aontaithe a toghadh le déanaí agus an Coimisiún Eorpach nua, agus d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair (TCA) atá ar nabacáin.
Bhí an plé a rinne an Grúpa Teagmhála ar an gComhaontú Trádála agus Comhair bunaithe ar thuarascáil archur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair a d’fhoilsigh an Coiste um Bunreacht, um an Eoraip, um Ghnóthaí Seachtracha agus um Chultúr de chuid Pharlaimint na hAlban le déanaí. Ba é Clare Adamson MSP, cathaoirleach an Choiste, a chuir an tuarascáil i láthair. ThugStephen Gethins, comhalta de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, dá aire na saincheisteanna fadréimseacha ina mbeadh fáilte roimhdhoimhniúbreise an chomhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus ina rachadh sé chun tairbhe don dá thaobh, lena n-áirítearslándáil agus cosaint fuinnimh.
Ba dhíol sásaimh do na rannpháirtitheuile gur fhill anRíocht Aontaithe le déanaí archláir Fís Eorpach agus Copernicus de chuid an Aontais,mar chomhpháirtícomhlach. I nDún Éideann,chuala comhaltaí an Ghrúpa Teagmhála freisin faoi roinnt samplaí den chaoi a bhfuil rialtais fhonáisiúnta ag comhoibriú faoi láthair. Dúirt an cathaoirleach,Loïg Chesnais-Gerard (FR/PSE), uachtarán Chomhairle Réigiúnach na Briotáine, go bhfuil a réigiún — mar shampla — ag déanamh measúnú ar an bhféidearthacht comhpháirtíochtaí a bheithann i gcláir thaighde agus thug sé dá aire go bhfuilgo leor bealaí ann le haghaidh comhair ar an leibhéal fo-náisiúnta. Luaigh sé, mar shampla, Fóram Rialtais Áitiúil na Ríochta Aontaithe agus naFraince, a thiocfaidh le chéile den tríú huair i mí na Nollag seo, in Leeds. Tá, a dúirt sé, níos mó ná 1,000 nascadh agus comhpháirtíochtaí fo-náisiúnta idir an dá thír.
Rinne baill anroupContact Gathbhreithniú freisin ar na cúig blianaseo caite agus ar an mbealach chun tosaigh. I bhfianaise an mhóiminteam pholaitiúil agus thimthriall institiúideach athnuachana an Aontais,chuir siad i bhfios go láidir gur cheart don phlé ar iarmhairtí Brexit agus ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe béim níos láidre a leagan ar dhearcthaí réigiúnacha agus áitiúla, agus Grúpa Teagmhála CnaR na Ríochta Aontaithe ag feidhmiú mar phríomhchainéal. Bhí tiomantas comhpháirteach ann leanúint d’obairfhoireann C ontact Gi dtéarma nua oifige Choiste na Réigiún.
Tháinig an Grúpa Teagmhála le chéile den chéad uair i mí na Samhna 2020, tar éis Brexit. Ba é an cruinniú i nDún Éideann an deichiú cruinniú den Ghrúpa Teagmhála agus an ceann deireanach de shainordú reatha CnaR, a dtiocfaidh deireadh leis go luath in 2025.
Luaigh:
Loïg Chesnais-Gerard (FR/PSE), Uachtarán Chomhairle Réigiúnach na Briotáine, cathaoirleach an Ghrúpa Teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe: ‘Léiríonn ár gcuid oibre le cúig bliana anuas go soiléir gur gá d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach go díreach i bhfaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme anChomhaontaithe TrádálaagusComhair agus tá súil againn go dtabharfaidh na hathbhreithnithe atá beartaithe do 2026 deis chun é sin a bhaint amach go nithiúil ar mhaithe leis na saoránaigh.’