Portugal
Vasco ALVES CORDEIRO
Comhalta
Member of the Regional Assembly of the Azores
Phléigh ionadaithe áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus de chuid an Aontais an togra maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais tar éis 2027
Den chéad uair ó chuir an Coimisiún Eorpach in iúl – trí litir – go raibh sé ar intinnaige codanna dá thogra tosaigh le haghaidh bhuiséad fadtéarmach an Aontais tar éis 2027 a leasú, tháinig ionadaithe ó go leor tíortha de chuid an Aontais, ceannairí réigiúnacha agus áitiúla le chéile le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa chun a n-ábhair imní agus a n-iarrataí maidir le todhchaí an Bheartais Comhtháthaithe a phlé. Seoladh teachtaireachtaí láidre polaitiúla ag an gcruinniú roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí an 18-19 Nollaig, nuair a phléifidh na cinn stáit agus rialtais príomhghnéithe de bhuiséad an Aontais 2028-34, lena n-áirítear an Beartas Comhtháthaithe.
D’fhreastail beagnach 400 rannpháirtí go pearsanta agus ar líne ar an idirphlé ardleibhéil maidir le todhchaí an Bheartais Chomhtháthaithe arna óstáil sa Bhruiséil ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus arna chomheagrú le hAireacht Cistí Forbraíochta agus Beartais Réigiúnaigh na Polainne faoi chuimsiú #CohesionAlliance.
Áirítear i dtograí an Choimisiúin Eorpaigh maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais amach anseo 2028-34, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), athruithe móra a dhéanann difear do chroílár an Bheartais Chomhtháthaithe mar uirlis infheistíochta fadtéarmaí do gach réigiún san Eoraip.
Leis an imeacht, a d’oscail Cathaoirleach Choimisiún CnaR um Beartas Comhtháthaithe Chríochaigh agus um Buiséad AE (COTER), Vasco Alves Cordeiro (PT/PSE), agus Forúnaí Stáit in Aireacht Cistí Forbraíochta agus Beartais Réigiúnaigh na Polainne, Monika Sikora, tugadh an deis tuiscint níos fearr a fháil ar na hathruithe atá beartaithe agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san Aontas, agus ar rialachas an bheartais agus ar an mbaol go ndéanfaí é a lárú amach anseo i lámha na rialtas náisiúnta.
I measc na ndaoine a ghlac páirt sa díospóireacht bhí comhrapóirtéirí Pharlaimint na hEorpa don CAI tar éis 2027, Siegried Muresan agus Carla Tavares, aire Phoblacht na Seice atá freagrach as an gcomhtháthú, Petr Kulhánek, agus Ardrúnaí Chistí Eorpacha na Spáinne, Mercedes Caballero.
Sleachta
Dúirt Cathaoirleach COTER, Cordeiro: “Níor chosain muid an status quo riamh. Ní mór an Beartas Comhtháthaithe a oiriúnú, le tosaíochtaí níos soiléire agus uirlisí níos simplí. Ach ní féidir leis an athnuachan dochar a dhéanamh do na prionsabail a fhágann go n-oibríonn an beartas. Ní fhreastalaíonn an togra seo ar ár gcathracha ná ar ár réigiúin, ná ar an gcomhtháthú féin, ná ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh. Is éard atá de dhíth orainn athchóiriú lena dtreisítear an chomhpháirtíocht, an fócas críochach agus an infheistíocht fhadtéarmach, arb iad is bonn le hAontas fíor-chomhtháite.’
Dúirt an Fo-Rúnaí Sikora: “Tiocfaimid le chéile ag tráth cinniúnach don Eoraip. Sna seachtainí amach romhainn, roimh Chomhairle Eorpach mhí na Nollag, déanfar cinntí ríthábhachtacha. Cinnfidh siad an chuma a bheadh ar infheistíochtaí na hEorpa san fhorbairt, san athléimneacht agus sa dlúthpháirtíocht sna deich mbliana amach romhainn. Tá an Beartas Comhtháthaithe ar cheann de scéalta ratha na hEorpa. Laghdaigh sé éagothromaíochtaí, thug sé cumhacht do phobail, thacaigh sé leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Sa lá atá inniu ann – i bhfianaise na héiginnteachta geopholaitiúla, agus an iliomad dúshlán, a bhaineann freisin le slándáil shaoránaigh an Aontais – tá níos mó comhtháthaithe, seachas níos lú comhtháthaithe, de dhíth ar an Eoraip agus ar a réigiúin. Is éard atá i gceist le Beartas Comhtháthaithe láidir Eoraip atá láidir, nua-aimseartha agus cóir. Tá réigiúin láidre agus pobail áitiúla, atá ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Aontas agus leis na Ballstáit, ríthábhachtach i ndáil leis sin.
Tá mo theachtaireacht soiléir: sa chéad chlárthréimhse eile, tá Beartas Comhtháthaithe uaillmhianach, cothrom agus láidir de dhíth orainn, ina mbeidh na réigiúin rannpháirteach go hiomlán i ndearadh agus i gcur chun feidhme an Bheartais. Ní bhaineann sé le réigiúin nach bhfuil na réigiúin iontu!’
Cúlra
Físeán agus grianghraif den imeacht ‘Beartas Comhtháthaithe ag an gcrosbhóthar’ – Idirphlé ardleibhéil maidir le todhchaí an Bheartais Comhtháthaithe.
I mí Dheireadh Fómhair 2025, ghlac CnaR rún d’aon toil inar tugadh rabhadh go bhféadfadh lárú breise i lámha an Choimisiúin agus náisiúnú an Bheartais Chomhtháthaithe, an iascaigh agus an bheartais talmhaíochta a bheith mar thoradh ar an togra reatha le haghaidh bhuiséad fadtéarmach an Aontais tar éis 2027, rud a chuirfeadh san iomaíocht iad.
Conclúidí ó Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
In éineacht leis na príomhchomhlachais Eorpacha cathracha agus réigiún, is comhpháirtí bunaidh é CnaR den Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú (#CohesionAlliance), den chomhghuaillíocht is mó ar fud an Aontais d’ionadaithe cathracha agus réigiún, de chomhpháirtithe sóisialta agus de chomhlachais na sochaí sibhialta a mholann an comhtháthú mar phríomhchuspóir do bheartais agus d’infheistíochtaí uile an Aontais, agus do Bheartas Comhtháthaithe neartaithe tar éis 2027.
Teagmhálaithe
Matteo Miglietta - Coiste Eorpach na Réigiún
Teil. +32 470895382
matteo.miglietta@cor.europa.eu
Marcin Zawiśliński - Aireacht Cistí Forbraíochta agus Beartais Réigiúnaigh na Polainne
Teil. +48 222737083
marcin.zawislinski@mfipr.gov.pl
Portugal
Comhalta
Member of the Regional Assembly of the Azores