Próiseas earcaíochta

Is oifigigh den chuid is mó a earcaítear ar ár bhfoireann trí na painéil ó chomórtais ghinearálta arna n-eagrú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO). In imthosca áirithe, áfach, féadfaidh Coiste Eorpach na Réigiún foireann shealadach nó foireann ar conradh a fhostú freisin. Braitheann an próiseas chun iarratas a dhéanamh ar phost sa Choiste ar an gcineál conartha.

© weedezign/stock.adobe.com

Ar an leathanach seo

Foireann bhuan

An té ar mian leis post oifigigh a fháil le hinstitiúid de chuid an Aontais, ní mór dó a bheith ar dhuine de bhuaiteoirí comórtais oscailte arna eagrú ar an leibhéal idirinstitiúideach ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO).

Na folúntais a fhoilsíonn Coiste Eorpach na Réigiún, is ar oifigigh atá ag obair cheana féin i gCoiste Eorpach na Réigiún nó in institiúid eile de chuid an Aontais, agus orthu siúd amháin, atá siad dírithe. Na daoine a n-éiríonn leo i gcomórtas EPSO, féadann siadsan freisin iarratas a chur isteach má chomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta arna leagan amach sna fógraí folúntais.

Ní oifigeach Eorpach thú agus níor éirigh leat (go fóill) i gcomórtas EPSO? Cruthaigh Cuntas EPSO agus féach an bhfuil comórtas ar bun a thagann leis an sainchuntas poist a fheileann duitse. Má dhéanann tú iarracht iarratas a chur isteach ar fholúntas atá foilsithe ag Coiste Eorpach na Réigiún gan na príomhriachtanais sin a chomhlíonadh, tabharfar neamhaird go huathoibríoch ar d’iarratas. Mar eolas, más le déanaí a eisíodh an painéal ionadaithe, is féidir go gcuirfear cuótaí i bhfeidhm. An institiúid Eorpach nach bhfuil cuóta ar fáil aici, ní féidir léi baill foirne nua a earcú sula sannfar cuóta nua di.

Foireann shealadach

Tá trí chatagóir ag baint leis an bhfoireann shealadach a fhostaíonn Coiste Eorpach na Réigiún: foireann shealadach i bpost sealadach (2a), an tArdrúnaí, fhoireann shealadach sna grúpaí polaitiúla agus in oifig phríobháideach an Uachtaráin san áireamh (2c) agus foireann shealadach i bpost buan (2b) a earcaítear i gcás nach n-éiríonn le fógra folúntais agus/nó nach féidir ball foirne buan a earcú.

Formhór na gconarthaí a thugtar do ghníomhairí sealadacha i gCoiste Eorpacha na Réigiún, is conarthaí 2b iad a mhaireann idir sé mhí agus ceithre bliana ar a mhéad, ar féidir síneadh dhá bhliain ar a mhéad a chur leo. Na conarthaí foirne sealadacha 2c, is conarthaí neamhiata iad i gcás na ngrúpaí polaitiúla ach tá siad nasctha le téarma oifige an Uachtaráin i gcás oifig phríobháideach an Uachtaráin.

Nuashronrú tábhachtach: Athruithe ar Phróiseas Roghnúcháin na Foirne Sealadaí

Tá próiseas roghnúcháin na foirne sealadaí nuashonraithe ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR). Rinneadh na hathruithe a leanas:

Deireadh curtha le bunachar sonraí na n-iarrthóirí

  • Ní bheidh bunachar sonraí ginearálta iarrthóirí á choinneáil ag CnaR a thuilleadh.
  • As seo amach, déanfar gach post neamhbhuan a fhoilsiú ar bhonn córasach ar leathanach post CnaR.
  • Is féidir go bhfoilseofar róil ar chuntas LinkedIn CnaR freisin.

Próiseas iarratais cuíchóirithe

  • Gach fógra folúntais agus gairm ar léiriú spéise, is trí bhíthin HR eForms a bhainisteofar iad, agus trína bhíthin sin amháin, rud a chinnteoidh próiseas éifeachtúil soláimhsithe.

Má theastaíonn uait a bheith ar an eolas faoi na deiseanna is déanaí, moltar duit súil a chaitheamh go rialta ar an leathanach post agus CnaR a leanúint ar LinkedIn.

Foireann ar conradh

Is féidir post a fháil le Coiste Eorpach na Réigiún mar bhall foirne ar conradh. Maidir leis an bhfoireann ar conradh (baill foirne CAST, mar a thugtar orthu), cuimsítear idir riachtanais bhuana (catagóir 3a, feidhmghrúpa I – uiséirí, tiománaithe, oibrithe láimhe, agus mar sin de, ar chonarthaí neamhiata i ndiaidh dhá chonradh tosaigh ar théarma seasta) agus riachtanais shealadacha chun tionscadail ar leith a chur i gcrích agus/nó chun tacaíocht a sholáthar thar thréimhse theoranta ama i gcás duine a bheith as láthair nó an t-ualach oibre a bheith an-ard, agus mar sin de (catagóir 3b, feidhmghrúpaí II, III agus IV) ar chonradh ar théarma seasta (trí mhí ar a laghad ar féidir síneadh sé bliana san iomlán a chur leis).

Tá poist mar bhall den fhoireann ar conradh ar fáil i réimse leathan ról, a bhfuil leibhéil agus cineálacha éagsúla cáilíochtaí i gceist leo.

Na réimsí is mó tóir i gCoiste Eorpach na Réigiún ná gnóthaí polaitiúla, an beartas Eorpach, an chumarsáid, teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, aistritheoirí agus foireann teanga, bainistíocht tionscadal / clár, rúnaithe / cléirigh, an riarachán / acmhainní daonna, an t-airgeadas, an dlí, oibrithe tacaíochta láimhe agus riaracháin.

I gcás fhormhór na bpost ar conradh, ní mór don iarrthóir éirí leis i scrúdú EPSO CAST a bhaineann leis an bhfeidhmghrúpa cuí, ach amháin má luaitear a mhalairt sa ghairm ar léiriú spéise. Ní mór na critéir roghnúcháin agus incháilitheachta a léamh go cúramach sular gcuirtear isteach ar phost.

Féach suíomh gréasáin EPSO chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a chur isteach ar CAST Buan EPSO.

Mar is féidir cur isteach ar phost ar conradh le CnaR 

Don té atá cláraithe cheana féin nó ar mian leis clárú le bunachar sonraí CAST agus ar mhian leis go gcuirfí san áireamh é le haghaidh post foirne ar conradh le Coiste Eorpach na Réigiún, ba cheart aird a thabhairt ar na hathruithe a leanas a rinneadh:

Nuashonraithe ar an bpróiseas roghnúcháin

Deireadh curtha le bunachar sonraí na n-iarrthóirí

  • Ní bheidh bunachar sonraí iarrthóirí spontáineacha ar phost foirne ar conradh á choinneáil ag CnaR a thuilleadh.
  • Ina ionad sin, as seo amach, déanfar gach post neamhbhuan a fhoilsiú ar bhonn córasach ar leathanach post CnaR.
  • Is féidir go bhfoilseofar róil ar chuntas LinkedIn CnaR freisin.

Próiseas iarratais cuíchóirithe

  • Gach fógra folúntais agus gairm ar léiriú spéise, is trí bhíthin HR eForms a bhainisteofar iad ina n-iomláine, rud a chinnteoidh gur próiseas éifeachtúil sothuigthe a bheidh ann.

Má theastaíonn uait a bheith ar an eolas faoi na deiseanna is déanaí, moltar duit súil a chaitheamh go rialta ar an leathanach post agus CnaR a leanúint ar LinkedIn.

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

Féadfaidh fostaithe comhlachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta nó fostaithe eagraíochtaí idir-rialtasacha iarratas a dhéanamh ar ról an tsaineolaí náisiúnta ar iasacht. Ní mór roinnt coinníollacha a chomhlíonadh, áfach.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith fíor maidir leis an iarratasóir:

  • go bhfuil sé fostaithe ag údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó ag eagraíocht idir‑rialtasach;
  • gur oibrigh sé ar feadh trí bliana ar a laghad, go lánaimseartha, i bpost riaracháin, eolaíochta, teicniúil, comhairleach nó maoirseachta;
  • go bhfuil sé ag obair dá fhostóir reatha le 12 mhí ar a laghad;
  • go bhfuil eolas críochnúil aige ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil aige ar theanga eile de chuid an Aontais;
  • go mbeidh sé faoi bhun 66 bliana d’aois ar feadh tréimhse iomlán na hiasachta; agus
  • go bhfuil sé in ann a chruthú go leanfaidh a fhostóir dá thuarastal a íoc, dá stádas fostaíochta bunaithe nó conartha a choinneáil agus go ráthóidh sé a chearta agus a thairbhí sóisialta, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tslándáil shóisialta agus le cearta pinsin, ar feadh thréimhse na hiasachta.

Cuireann Coiste Eorpach na Réigiún trí chineál tréimhse iasachta ar fáil (saineolaí náisiúnta eachtrach, saineolaí náisiúnta arb as áit faoi bhun 150 km ón mBruiséil nó as áit os cionn 150 km ón mBruiséil é agus tréimhse iasachta gan costas).

Ós rud é go bhfuil teorainn leis na deiseanna tréimhse iasachta a reáchtáil a bhfuil liúntas laethúil ag gabháil léi, moltar do na rialtais áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta cuimhneamh ar thréimhse iasachta gan costas (is é sin le rá, tréimhse nach n-íocann Coiste Eorpach na Réigiún liúntas breise ar bith leis an saineolaí náisiúnta). I gcás tréimhse iasachta gan costas, fiú, cuirfidh Coiste Eorpach na Réigiún spás oifige, stáisiún oibre / uirlisí oibre iomchuí ar fáil, mar aon le meantóir tiomnaithe chun go rachaidh an tréimhse chun tairbhe don saineolaí agus dá réigiún/údarás.

Bíonn teorainn ama leis na tréimhse iasachta (sé mhí ar a laghas, dhá bhliain ar a mhéad, ar féidir síneadh ceithre bliana san iomlán a chur léi) agus cuirtear ar bhonn foirmiúil iad trí litreacha a mhalartú le Buanionadaíocht thír shaoránachta an tsaineolaí.

Obair shealadach

Más spéis leat obair ghearrthéarmach a dhéanamh linn, téigh i dteagmháil leis na gníomhaireachtaí oibre sealadaí a bhfuil caidreamh againn leo chun tuilleadh eolais a fháil faoi na deiseanna gearrthéarmacha atá ann.

Is minic a bhíonn gá ag CnaR le foireann eatramhach i róil rúnaíochta agus uiséara.

Tréimhsí oiliúna

Na hoiliúnaithe i gCoiste na Réigiún, faigheann siad taithí phearsanta ar dhinimic institiúide ilteangaí ilnáisiúnta. Bíonn siad ag obair i ngrúpaí beaga le hoiliúnaithe eile agus ní hamháin go mbíonn siad ag dul i ngleic le réimse leathan gnéithe de bheartais an Aontais, ach bíonn deis acu a n-imeachtaí féin a eagrú!

Tuilleadh eolais

Doiciméid