Ângela Machado
angela.machado@cor.europa.eu
Le linn comhdháil ardleibhéil maidir le ‘Aghaidh a thabhairt ar an mBochtaineacht Soghluaisteachta ar fud an Aontais’, a d’eagraigh Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) in éineacht leis an gComhlachas Idirnáisiúnta Iompair Phoiblí (UITP), an 12 Márta ag CnaR, d’iarr ceannairí réigiúnacha agus áitiúla go mbeadh córas soghluaisteachta níos inrochtana, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe ann, agus iompar poiblí ina chroílár, chun comhtháthú sóisialta agus críochach a áirithiú san Aontas.
Rinne comhaltaí CnaR, Marie-Antoinette Maupertuis, (FR/EA), Justīne Panteļējeva (LV/Na Glasaigh) agus Władysław Ortyl (PL/ECR), idirghabháil in dhá phlé painéil maidir le ‘Inrochtaineacht, nascacht agus freagairt bheartais an Aontais’ agus maidir le ‘Peirspictíochtaí inacmhainneachta agus cistiúcháin’ le hionadaithe ardleibhéil ó cheithre Ard-Stiúrthóireacht éagsúla de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, UITP, chomh maith le príomhgheallsealbhóirí agus príomhshaineolaithe.
Déanann an easpa seirbhísí iompair inacmhainne, éifeachtúla, sábháilte agus inbhuanaithe difear do na milliúin saoránach den Aontas i limistéir thuaithe, pheirea-uirbeacha agus ísealioncaim, rud a chuireann srian ar rochtain ar chúram sláinte, ar oideachas agus ar fhostaíocht do ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas. Thairis sin, cuireann bonneagar iompair neamhleor fás eacnamaíoch réigiúnach i mbaol agus cuireann sé leis na héagothromaíochtaí críochacha.
Chuir ceannairí áitiúla agus réigiúnacha i dtábhacht go bhfuil dúshláin soghluaisteachta éagsúil ó réigiún go réigiún agus go bhfuil cur chuige áitbhunaithe ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht iompair. Leag siad béim ar an ngá atá le réitigh shaincheaptha chun freastal ar riachtanais shonracha gach críche, agus ar chomhpháirtíochtaí láidre idir comhpháirtithe sóisialta agus údaráis phoiblí ar gach leibhéal rialachais, chun aistriú cothrom sa tsoghluaisteacht a áirithiú lena ráthaítear go mbeidh an t-aistriú chuig iompar inbhuanaithe inrochtana agus cuimsitheach do chách.
Dúirt na cathracha agus na réigiúin go bhfuil maoiniú leordhóthanach ríthábhachtach chun a chinntiú gur féidir le réigiúin na hEorpa bonneagar soghluaisteachta inrochtana agus inbhuanaithe a chur chun feidhme. Ní mór cuspóirí bheartais agus ionstraimí cistiúcháin an Aontais a shainiú i gcur chuige rialachais il-leibhéil chun soghluaisteacht iompair inbhuanaithe agus chothrom a ráthú a bheidh ar fáil do chách. D’áitigh na Feisirí go ndéanfaí cistí an Aontais a shlógadh, lena n-áirítear an Ciste Aeráide Sóisialta, an Beartas Comhtháthaithe, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun tacú le réitigh shoghluaisteachta áitbhunaithe lena dtugtar aghaidh ar bhochtaineacht iompair agus lena gcuirtear iompar poiblí cuimsitheach agus inacmhainne chun cinn.
Sleachta athfhriotail:
Seo mar a labhair Marie-Antoinette Maupertuis (FR/CE), Uachtarán Thionól na Corsaice: “Ní rogha í an tsolúbthacht sa Chorsaic, is riachtanas í. Ní mór don Aontas réaltachtaí ár n-oileán a chur san áireamh: an costas ard taistil, ár spleáchas ar naisc farraige agus aeir, agus an géarghá atá le haistriú éiceolaíoch nach mór dár n-oileáin a bheith rannpháirteach ann freisin. Tá ról lárnach ag an Eoraip maidir le ceart cothrom chun soghluaisteachta a ráthú do shaoránaigh oileánacha. Tá sé in am dul níos faide ná prionsabail agus sásraí nithiúla agus inbhuanaithe a chur i bhfeidhm, trí Airteagal 174 a chur i bhfeidhm go hiomlán agus trí bheartais Eorpacha a chur in oiriúint do réaltachtaí sonracha na n-oileán amhail an Chorsaic.’
Seo mar a labhair Justine Panteļējeva (LV/Na Glasaigh), Comhairleoir na Comhairle Rialtais Áitiúil, Comhairle Cathrach Ríge: “Chun an tsoghluaisteacht a dhearadh don úsáideoir is leochailí, ní mór córas a chruthú a rachaidh chun tairbhe do chách. Tá an tsoghluaisteacht agus an rochtain uirthi ríthábhachtach don tsochaí nua-aimseartha chothrom agus ní féidir linne, mar pholaiteoirí, a bheith cúthail ón bhfreagracht é sin a dhéanamh.’
Seo mar a labhair Władysław Ortyl (PL/ECR), Uachtarán réigiún Podkarpackie: “Tá dúshláin shuntasacha roimh Podkarpackie maidir leis an mbochtaineacht soghluaisteachta, mar gheall ar na dálaí geografacha uathúla atá aige mar theorainn agus mar réigiún atá sléibhtiúil go páirteach. Mar sin féin, tá straitéis shoiléir i bhfeidhm againn chun inrochtaineacht iompair a fheabhsú. Tá príomhthionscnaimh, amhail nuachóiriú an ghréasáin iarnróid agus leathnú an iompair ilmhódaigh, deartha chun ár gcónaitheoirí a nascadh ar bhealach níos fearr agus tacaíonn maoiniú ón Aontas leo. Tá ról ríthábhachtach ag tionscadal Via Carpatia sa straitéis sin, rud a fheabhsaíonn nascacht ar fud na hEorpa agus a nascann Podkarpackie le réigiúin eile. Tá ról ríthábhachtach ag aerfort Rzeszów-Jasionka maidir le nascacht réigiúnach, agus maidir leis an Úcráin a nascadh leis an gcuid eile den Eoraip.’
Cúlra
angela.machado@cor.europa.eu
France
Comhalta
President of the Assembly of Corsica
Poland
Comhalta
Councillor of the Podkarpackie Voivodeship
Latvia
Comhalta malartach
Councillor of the Local Government Council, Riga City Council