Cearta bunúsacha

Na cearta bunúsacha a chaomhnú agus a chosaint ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

Ar an leathanach seo

Is ríthábhachtach an ról atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint. Ós é sin an leibhéal rialtais is gaire do na saoránaigh, is minic gurb iad is túisce gur féidir leo dúshláin maidir le cearta an duine a shainaithint agus freagairt dóibh, go háirithe i réimsí amhail an t-oideachas, an tithíocht, an cúram sóisialta agus an tsábháilteacht phoiblí. 

Príomhróil na n-údarás áitiúil agus réigiúnach 

  • Cearta an duine a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil: cuireann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha gealltanais maidir le cearta an duine chun feidhme go laethúil ar bhonn praiticiúil trí sheirbhísí poiblí bunriachtanacha a sholáthar, seirbhísí atá tábhachtach do ghnáthshaol an tsaoránaigh. 
  • Grúpaí leochaileacha a chosaint: cuireann siad an comhionannas agus an neamh-idirdhealú chun cinn trí rochtain ar sheirbhísí a áirithiú do chách, lena n-áirítear mionlaigh, imircigh, daoine faoi mhíchumas, agus daoine atá gan dídean. 
  • Réitigh inrochtana a chur ar fáil: is féidir leis na húdaráis áitiúla sásraí neamhspleácha gearáin a bhunú, amhail lucht ombudsman, rud a fhágann go mbíonn sé níos éasca do na saoránaigh sáruithe ar chearta a thuairisciú agus aghaidh a thabhairt orthu. 
  • Na saoránaigh a chumhachtú: cuireann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le feasacht an phobail maidir lena gcearta bunúsacha. Cabhraíonn siad le daoine na cearta sin a thuiscint agus a fheidhmiú. 
  • Tacú leis an tsochaí shibhialta agus leis an rannpháirtíocht: is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha idirphlé oscailte agus comhpháirtíochtaí a chothú leis an sochaí sibhialta. Is féidir leo deiseanna rannpháirtíochta a chruthú do na saoránaigh freisin trí chomhairliúcháin phoiblí, buiséadú rannpháirtíochta agus fóraim áitiúla. 
  • An daonlathas a chosaint: is maith is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha bagairtí amhail an bhréagaisnéis nó cur isteach ar phróisis dhaonlathacha áitiúla a bhrath agus freagairt dóibh, mar aon le cuidiú leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse faisnéise agus an tsaoirse rannpháirtíochta polaitiúla a chosaint. 
  • An t-oideachas sibhialta a chur chun cinn: tacaíonn siad le tionscnaimh a chuireann an tsaoránacht eolasach agus ghníomhach chun cinn, go háirithe i measc daoine óga agus grúpaí leochaileacha. 

Le blianta beaga anuas, glacadh roinnt tionscnamh chun an daonlathas agus na cearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Tá Líonra Chomhairleoirí Áitiúla an Aontais Eorpaigh bunaithe ag CnaR chun úinéireacht na saoránach ar an tionscadal Eorpach a mhéadú trí pháirt a thabhairt dá bpolaiteoirí tofa áitiúla. Ó 2021 i leith, tá Gradam an Mhéara Paweł Adamowicz, a bhunaigh CnaR i gcomhpháirtíocht le Cathair Gdańsk agus Líonra Idirnáisiúnta na gCathracha Tearmainn, ag leanúint dá chuid oibre lena gcuirtear chun cinn luachanna daonlathacha amhail an tsaoirse smaointeoireachta, an éagsúlacht agus an dlúthpháirtíocht, mar aon le luachanna eile amhail an comhionannas deiseanna, lánpháirtiú sóisialta agus cearta bunúsacha. De bhreis air sin, leanann sé den chomhrac i gcoinne na seineafóibe agus na fuathchainte.  

Is Cathair um Chearta an Duine iad cuid mhaith cathracha anois, cuir i gcás Barcelona, Gdańsk, Lund, Sopot agus Vín, agus tá na bearta seo a leanas á ndéanamh acu: gealltanas sainráite a thabhairt creat Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha chun cearta a threisiú go háitiúil a chur i bhfeidhm; páirt ghníomhach a ghlacadh i gcur chun cinn luachanna daonlathacha agus na rannpháirtíochta sibhialta; agus prionsabail chearta an duine a chomhtháthú i ngach gné den rialachas uirbeach. Ag an am céanna, tá méadú ag teacht ar líon na bpríomhchathracha Eorpacha cuir i gcás Barcelona, Vín agus Cascais atá ag glacadh páirte sa tionscnamh Príomhchathair an Daonlathais san Eoraip. Mar chuid de sin, cruthaíonn siad deiseanna nua don nuálaíocht dhaonlathach agus don mhalartú daonlathach agus féachann siad ar chineálacha nua daonlathais rannpháirtigh agus chuimsithigh. 

Comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)    

Le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh cumhdaítear réimse leathan de na cearta bunúsacha atá ag saoránaigh agus cónaitheoirí den Aontas i ndlí príomha an Aontais. Tá feidhm ag an gCairt maidir le húdaráis an Aontais agus na mBallstát aon uair a ghníomhaíonn siad faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

Tá dlúthchomhar curtha ar bun ag CnaR le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha chun feasacht ar an gCairt a mhúscailt i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus chun tacú leis na cearta bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint ar an leibhéal áitiúil. 

Ó 2009 i leith, tá idirphlé bliantúil á reáchtáil ag Coimisiún CIVEX agus ag FRA chun saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha atá ábhartha ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil a phlé agus eolas a roinnt ar chleachtais áitiúla agus réigiúnacha maidir le cearta bunúsacha ar fud an Aontais. I measc na n-ábhar a dtugtar aghaidh orthu san idirphlé bliantúil sin tá: 

  • an comhrac i gcoinne an idirdhealaithe agus na héadulaingthe; 
  • cosaint agus lánpháirtiú dídeanaithe agus daoine easáitithe; 
  • cosaint leanaí; 
  • ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir leis an daonlathas agus na cearta bunúsacha a neartú san Aontas.

Ní hé an t-idirphlé bliantúil an t-aon sampla den chomhar idir CnaR agus FRA, samplaí eile den chomhar sin ná na ceardlanna a eagraítear faoi Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, na seisiúin oiliúna a chuirtear ar fáil, na cuir i láthair théamacha a dhéantar ag cruinnithe choimisiún CIVEX, ionchur FRA i dtuairimí CnaR, a mhéid a chuireann siad le comhdhálacha agus imeachtaí a chéile, agus na tuairimí, staidéir, tuarascálacha, sraitheanna straitéisí agus ábhair oiliúna a chuireann CnaR agus FRA chun cinn. 

Acmhainní úsáideacha:  

Deiseanna maoinithe de chuid an Aontais: 

Tionscadail arna gcistiú ag an Aontas Eorpach