Wioletta Wojewodska
Wioletta.Wojewodska@cor.europa.eu
An lá roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan, leag Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), Kata Tüttő, agus Cathaoirleach an Choimisiúin um Beartas Sóisialta, Oideachas, Fostaíocht, Taighde agus Cultúr (SEDEC), Heike Raab, béim ar an ngá atá le dlús a chur leis na hiarrachtaí an neamhionannas idir mná agus fir a chomhrac agus is oth léi go dtugtar neamhaird sa Treochlár maidir le Cearta na mBan a thíolaic an Coimisiún Eorpach an 7 Márta ar an ríthábhacht a bhaineann leis an obair a dhéanann ceannairí áitiúla agus réigiúnacha ar an láthair chun comhdheiseanna a áirithiú.
Seo mar a labhair Kata Tüttő,Uachtarán Choiste Eorpachna Réigiún: “Glao chun gnímh seachas ceiliúradh is ea Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is colún de dhaonlathas na hEorpa é an comhionannas inscne, ach tá mná fós faoi ghannionadaíocht sa pholaitíocht. Tá céim chun tosaigh glactha ag Coiste Eorpach na Réigiún lena Phlean Gníomhaíochta maidir le Comhionannas Inscne, ach ní mór tuilleadh a dhéanamh. Iarraimid ar na Ballstáit ionadaíocht chothrom a áirithiú agus níos mó ban a chumhachtú chun ceannaireacht a thabhairt ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Tá cláir amhail líonra na bPolaiteoirí Tofa Óga ríthábhachtach chun an chéad ghlúin eile de cheannairí ban a spreagadh agus chun tacú leo. Mar cheannairí réigiúnacha agus áitiúla, cuirimid leis an gcomhionannas inscne gach lá i bpríomhearnálacha amhail an tsláinte, an t-oideachas, an timpeallacht oibre agus an cultúr. Cé go ndéantar ról na ngníomhaithe náisiúnta a mhionsaothrú den chuid is mó sa Treochlár maidir le Cearta na mBan a cuireadh i láthair le déanaí, agus easpa feasachta ann maidir le tábhacht an leibhéil áitiúil san iarracht sin, leanfaimid den obair chun a áirithiú go mbeidh iarrachtaí an Aontais ag brath ar shlógadh iomlán gach leibhéil rialtais. Nuair a bhíonn rath ar mhná agus ar chailíní, bíonn rath ar phobail, neartaíonn an cheannaireacht, agus bogann an tsochaí ar aghaidh.”
Dúirt HeikeRaab (DE/PSE), Státrúnaí don Eoraip agus do na Meáin i nDúiche na Réine agus sa Phalaitíneacht, Cathaoirleach an Choimisiúin um Beartas Sóisialta, Oideachas, Fostaíocht, Taighde agus Cultúr (SEDEC): “Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, mar Chathaoirleach ar Choimisiún SEDEC, tá sé tábhachtach domsa go leanfaimid de bheith ag dul i ngleic go láidir leis an neamhionannas idir mná agus fir. Ní mór comhdheiseanna a bheith ag gach bean agus ag gach cailín, beag beann ar a gcúlra. Ní mór rochtain ar oideachas, ar fhostaíocht agus ar rannpháirtíocht shóisialta a bheith oscailte do chách. Is ar an mbealach sin amháin is féidir linn Eoraip atá fíorchuimsitheach agus cothrom a chruthú gan bhacainní. In 2025, ní mór deireadh a chur le hidirdhealú bunaithe ar inscne. Is céim thábhachtach é Treochlár an Aontais um Chearta na mBan. Leis sin, tá an bealach á réiteach againn chun go mbeidh an comhionannas inscne ina chroíphrionsabal de bheartais uile an Aontais — ón bhforbairt eacnamaíoch go dtí an cúram sláinte agus an ionadaíocht pholaitiúil.”
Cúlra
An 7 Márta, nocht an Coimisiún EorpachTreochlár anAontais maidir le Cearta na mBan agus Dearbhú na bprionsabal le haghaidh sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de arb é is aidhm dóibh an comhionannas inscne a threisiú ar fud an Aontais. Leanann sé gealltanais na Straitéise maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025 agus tá sé i gcomhréir le prionsabail níos leithne an Aontais, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (Sprioc 5), agus aitheantas á thabhairt don dul chun cinn a rinneadh ach dúshláin leanúnacha á n-aithint, amhail foréigean inscnebhunaithe, an bhearna phá, agus tearcionadaíocht i róil cheannaireachta.
Ó 2019 i leith, tá bearta ceangailteacha curtha i bhfeidhm ag an Aontas lena dtreisítear prionsabail an phá chomhionainn ar obair chomhionann, boird cuideachtaí atá cothrom ó thaobh inscne de, cothromaíocht oibre is saoil, caighdeáin cheangailteacha do chomhlachtaí comhionannais agus foréigean in aghaidh na mban a chomhrac. Mar sin féin, léiríonn Innéacs Comhionannais Inscne an Aontais éagsúlacht shuntasach ar fud na mBallstát fós, agus an scór is airde ag an tSualainn (82) agus an Rómáin (58), agus tá ocht mBallstát (an tSeicia, an Eastóin, an Chróit, an Laitvia, an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic) ag titim níos faide ar gcúl ar an gcuid eile den Eoraip ar an mbealach chun comhionannas inscne a bhaint amach.
I Straitéis an Aontais maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025 — atá le hathbhreithniú faoi dheireadh na bliana seo — leagtar amach fís, cuspóirí beartais agus gníomhaíochtaí chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhionannas inscne san Eoraip, ionas gur féidir le mná agus fir araon comhdheiseanna a bheith acu agus páirt chomhionann a ghlacadh sa tsochaí agus a bheith ar thús cadhnaíochta inti. Saothraítear cur chuige déach sa Straitéis maidir le príomhshruthú inscne in éineacht le gníomhaíochtaí spriocdhírithe. Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí atá aige: bearnaí idir na hinscní i margadh an tsaothair agus pá, pinsin agus bearnaí cúraim idir na hinscní a dhúnadh; rannpháirtíocht chomhionann a bhaint amach ar fud earnálacha éagsúla den gheilleagar; dul i ngleic le steiréitíopaí inscne; deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe; agus aghaidh a thabhairt ar an mbearna idir na hinscní sa chinnteoireacht agus sa pholaitíocht.
Satuairimuaidh ar an ábhar sin, chuir CnaR in iúl go dtacaíonn sé go hiomlán leis an Straitéisagus d’eisigh sé tuairim shonrach maidir le deireadh achur leis an bhforéigean inscnebhunaithe. In 2023, ghlac Biúró CnaR a Phlean Gníomhaíochta maidir le Comhionannas Inscne, inar gheall sé an comhionannas inscne a fheabhsú i bhfeidhmiú CnaR agus i measc a chomhaltaí, agus cheap sé rapóirtéir speisialta ón mBiúró chun obair leantach a dhéanamh ar a chur chun feidhme.
Wioletta.Wojewodska@cor.europa.eu
Germany
Comhalta
State Secretary, Rhineland Palatinate State Government
Hungary
Comhalta
Member of the General Assembly of Budapest Capital