Slovakia
Juraj DROBA
Comhalta
Chairman of the Bratislava self-governing Region
Ba cheart go rachadh infheistíochtaí chun feabhas a chur ar shoghluaisteacht mhíleata chun tairbhe do réigiúin agus do shibhialtaigh freisin.
D’iarr na réigiúin agus na cathracha go mbeadh ról níos láidre ag an gcéad tSaoráid um Chónascadh na hEorpa eile (2028-2034) chun a áirithiú go gcuirfear infheistíochtaí bonneagair chun feidhme go héifeachtach agus go mbeidh siad ailínithe níos fearr le riachtanais réigiúnacha.
Sna moltaí a glacadh ag seisiún iomlánach de Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 7 Bealtaine, chuir siad i bhfios go láidir freisin nach mór d’infheistíocht mhéadaithe sa tsoghluaisteacht mhíleata tairbhí soiléire a chur ar fáil don nascacht réigiúnach agus do na saoránaigh araon.
Mar chuid den díospóireacht ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais (2028-2034), ghlac na réigiúin agus na cathracha tuairim a dhréachtaigh Juraj Droba (SK/ECR), Cathaoirleach réigiún Féinrialaitheach na Bratasláive, inar fáiltíodh roimh leanúint den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) tar éis 2027 agus roimh an méadú atá beartaithe ar an mbuiséad. D’áitigh siad go bhfuil gá leis an airgead breise chun cuidiú leis na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN-T) agus fuinnimh (TEN-E) a chur i gcrích agus chun borradh a chur faoin bhforbairt réigiúnach trasteorann, faoin tsoghluaisteacht inbhuanaithe, faoin iomaíochas agus faoi mhargadh aonair an Aontais. Mar sin féin, thug siad rabhadh gur mó i bhfad na riachtanais infheistíochta atá ann faoi láthair i mbonneagar iompair na hEorpa ná an cistiú atá ar fáil.
Chuir na réigiúin agus na cathracha i bhfios go láidir go gcuirtear an chuid is mó de thionscadail TEN-T agus TEN-E chun feidhme ar an leibhéal críochach agus go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun a áirithiú go mbeidh tionscadail ailínithe leis na réaltachtaí áitiúla. D’iarr siad go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach i rith thimthriall an chláir, ó phleanáil agus roghnú tionscadal go cur chun feidhme, rialachas agus meastóireacht. D’iarr CnaR freisin stádas breathnóra i gcoistí SCE chun a áirithiú go léireofar rialachas il-leibhéil agus comhtháthú críochach go hiomlán, ag tabhairt dá aire go láimhseáiltear ceadú, pleanáil agus comhordú bonneagair go háitiúil agus go mbíonn tionchar díreach acu sin ar sheachadadh tionscadal.
Chuir comhaltaí CnaR i bhfios go láidir nár cheart do chur chun feidhme SCE an bonn a bhaint de chuspóirí comhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh an Aontais. Chun é sin a bhaint amach, ní mór d’infheistíochtaí bonneagair léiriú níos fearr a thabhairt ar shaintréithe críochacha – amhail iargúltacht, tearcacmhainneacht daonra agus srianta inrochtaineachta – i gcritéir dhámhachtana, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht chothrom do réigiúin atá srianta go geografach.
Thacaigh ceannairí áitiúla agus réigiúnacha leis an mbéim ar thionscadail bhonneagair trasteorann ach chuir siad i bhfios go láidir gur cheart aitheantas a thabhairt freisin do thionscadail a líonann ‘naisc ar iarraidh’ laistigh de thíortha aonair mar thionscadail a bhfuil breisluach Eorpach acu. Ba chúis mhór aiféala dóibh freisin nach ann do nóid uirbeacha mar chuspóir tiomnaithe, ós rud é go gcuireann scrogaill i limistéir uirbeacha cosc ar fheidhmiú éifeachtach chonairí TEN-T.
Thacaigh CnaR leis an mbéim mhéadaithe ar an tsoghluaisteacht mhíleata. Mar sin féin, chuir sí i bhfios go láidir nach mór comhthairbhí soiléire sibhialtacha a bheith ag baint le hinfheistíochtaí dé-úsáide, go háirithe don nascacht réigiúnach agus don athléimneacht réigiúnach, go mbeidh siad cothrom ó thaobh críche de i gcónaí, agus nach n-atreorófar acmhainní ó chuspóirí comhtháthaithe. Ós rud é go bhfuil freagrachtaí ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le ceadú agus pleanáil spásúlachta, chuir na comhaltaí in iúl nach mór dóibh a bheith rannpháirteach i bpleanáil bonneagair dé-úsáide ‑ (amhail calafoirt, aerfoirt, bóithre agus droichid), chun cothromaíocht a bhaint amach idir ceanglais slándála agus réaltachtaí cur chun feidhme.
Iarradh sa tuairim go mbeadh SCE neartaithe agus spriocdhírithe go maith sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais (2028-2034), lena n-áiritheofaí comhlántacht éifeachtach le Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta &a; Pleananna Comhpháirtíochta Réigiúnacha agus leis an mbeartas comhtháthaithe, seachas dul in iomaíocht leis.
Sleachta
Rapóirtéir: Juraj Droba (SK/ECR), Cathaoirleach Réigiún Féinrialaitheach na Bratasláive: ‘Is céim mhór chun cinn é atreisiú suntasach bhuiséad SCE go EUR 81 bhilliún, rud a chuideoidh le gréasáin TEN-T a thabhairt chun críche agus lenár n-athléimneacht a neartú trí bhonneagar dé-úsáide. Trí shainiúlachtaí críochacha a mheas agus trí réigiúin agus cathracha a rannpháirtiú, is féidir linn a áirithiú go gcuirfear an clár chun feidhme go rathúil ar an láthair, rud a chothóidh Eoraip níos nasctha agus níos iomaíche’
Antonella Sberna (ECR/IT), Feisire de Pharlaimint na hEorpa, agus rapóirtéir don tuairim maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2028-2034: ‘I gCoiste REGI, chuireamar i bhfios go láidir go bhfuil luach Eorpach ag tionscadal fiú nuair a réitíonn sé scrogall náisiúnta. Ní leor mórchonair a mhaoiniú má tá rochtain ar chalafoirt fós gan chumhdach. Ní leor gréasán TEN-T a dhearadh mura bhfuil aon nasc leis an gcúlchríoch. Ní leor labhairt faoi mhargadh aonair má tá roinnt réigiún scoite amach nó má tá sé deacair iad a bhaint amach. Agus muid ag obair ar thuairim an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach, rinneamar iarracht rud amháin a dhéanamh: guth na réigiún, na gcathracha agus na bpobal áitiúil a thabhairt isteach sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.”
Cúlra
Teagmháil:
Ângela Machado
Teil: +32 475413158
Slovakia
Comhalta
Chairman of the Bratislava self-governing Region