Spain
Juanma MORENO
Comhalta
President of the Regional Government of Andalusia
Chuir ceannairí áitiúla agus réigiúnacha in iúl gur meabhrú lom iad na tuilte a tharla le déanaí in Iardheisceart na hEorpa ar an ngá atá le hacmhainneachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a neartú maidir le rioscaí a chosc, ullmhacht, freagairt agus téarnamh. Tá Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit cur chuige ‘athléimneacht trí dhearadh’ a ghlacadh agus measúnuithe athléimneachta agus leochaileachta ó thubaistí a leabú go córasach i bpleanáil spásúil agus uirbeach agus i gcinntí maidir le hinfheistíochtaí agus bonneagar. Ghlac CnaR a thuairim maidir leis an Straitéis Eorpach um Athléimneacht Uisce d’aon toil ag an seisiún iomlánach an 4 Márta, tar éis díospóireacht leis an gCoimisinéir um an gComhshaol, Jessica Roswall, agus tar éis comhghuaillíocht nua de réigiúin an Aontais um athléimneacht uisce a sheoladh.
Chuir an Coimisiún Eorpach an chéad Straitéis Athléimneachta Eorpach maidir le hUisce i láthair i mí an Mheithimh 2025 chun freagairt do na dúshláin éagsúla a bhaineann le huisce ar fud an Aontais, ó thriomaigh go tuilte agus truailliú uisce. Leis an tuairim atá á stiúradh ag Uachtarán CnaR, Kata Tüttő, agus ag an gCéad Leas-Uachtarán, Juanma Moreno, cuireann CnaR in iúl go bhfuil comhghaol díreach idir infhaighteacht nádúrtha an uisce agus leibhéal na forbartha réigiúnaí agus molann sé go mbeadh na cathracha agus na réigiúin rannpháirteach go hiomlán sa chinnteoireacht maidir le pleanáil agus bainistiú uisce, go háirithe in abhantracha trasteorann. Cuireann sé i bhfios go láidir nach mór do bhearta athléimneachta uisce a bheith cothrom agus inacmhainne go sóisialta, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha, d’earnálacha eacnamaíocha atá ag brath go mór ar uisce, agus do réigiúin atá faoi strus maidir le huisce.
Tá ceannairí áitiúla agus réigiúnacha ag iarraidh go ndéanfaí bainistiú uisce a chomhtháthú go córasach ar fud réimsí beartais uile an Aontais trí ‘Tástáil Uisce’ a chur i bhfeidhm ar reachtaíocht an Aontais, mar a mhol Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE). Tá CnaR ag iarraidh go n-áireofaí ceannteidil thiomnaithe maidir le hathléimneacht uisce sa chéad bhuiséad ilbhliantúil eile de chuid an Aontais, le tacaíocht ón mbeartas comhtháthaithe agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais do réigiúin a bhfuil dúshláin acu a bhaineann le huisce. Ba cheart don Choimisiún táscairí struis uisce atá imdhealaithe go réigiúnach agus léarscáileanna leochaileachta aeráide a sholáthar freisin chun a áirithiú go gcuirfear bearta ar leibhéal an Aontais in oiriúint do réaltachtaí críochacha éagsúla.
Ós rud é go bhfuil drochbhail fós ar go leor dobharlach Eorpach, tá CnaR ag iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus go n-úsáidfí ardteicneolaíochtaí cóireála uisce agus córais faireacháin ar feadh thimthriall iomlán an uisce. Tá sé ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach togra a chur ar aghaidh lena gcuirfear srian ar PFAS (‘ceimiceáin go deo’) agus tugann sé rabhadh nár cheart go gcuirfeadh simpliú na reachtaíochta Eorpaí maidir le huisce isteach ar chaighdeáin riachtanacha chomhshaoil ná ar an tsláinte phoiblí.
Meabhraíonn na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha gur príomhghné den athléimneacht uisce é an t-éileamh ar acmhainní uisce a laghdú trí choigilteas, éifeachtúlacht agus athúsáid uisce a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, is díol sásaimh dóibh gur tugadh isteach bunphrionsabal na héifeachtúlachta uisce. Ós rud é gurb í an talmhaíocht an tomhaltóir acmhainní uisce is mó san Eoraip agus foinse truaillithe cothaitheach agus lotnaidicídí araon, ba cheart do Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil chun an earnáil a ghairmiúlú agus a nuachóiriú.
Glacadh an tuairim ó CnaR i gcomhthráth le seoladh na Comhghuaillíochta um Athléimneacht agus Ullmhacht i leith an Athraithe Aeráide i 19 réigiún bhunaitheacha de chuid an Aontais. Tá an tionscnamh comhpháirteach polaitiúil faoi stiúir Emilia-Romagna (an Iodáil) agus tugann sé le chéile réigiúin Eorpacha atá tiomanta dá ról mar chomhpháirtithe straitéiseacha a neartú maidir le hathléimneacht uisce, ullmhacht agus oiriúnú don athrú aeráide a chur chun cinn.
Sleachta:
Uachtarán CnaR, Kata Tüttő, Comhalta de Chomhthionól Ginearálta Phríomhchathair Bhúdaipeist agus comhrapóirtéir na tuairime: “I gcás réigiúin agus chathracha na hEorpa, is cúis imní cheana féin é uisce a bheith ar fáil. Tá triomaigh agus tuilte os ár gcomhair; ní mór dúinn uisce a ól agus a tháirgeadh i bpríomhearnálacha, ón talmhaíocht go cógais nó fuinneamh. Ní mór dúinn go léir ullmhú i ndomhan éiginnte. Is féidir leis an mbeartas comhtháthaithe cabhrú le hathléimneacht uisce a chinntiú, fiú má táimid faoi bhrú.”
Céad Leas-Uachtarán CnaR Juanma Moreno, Uachtarán na hAndalúise agus comhrapóirtéir na tuairime: “Léiríonn an comharbas leanúnach tuilte agus triomaigh nach mór athléimneacht uisce a thógáil ón mbun aníos. Tá straitéis de dhíth ar an Eoraip lena neartófar cumas na réigiún agus na gcathracha rioscaí a thuar, saoránaigh a chosaint agus úsáid inbhuanaithe uisce a áirithiú, agus réitigh dhúlrabhunaithe a chomhcheangal leis an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil. Is ionann an taoide a chasadh agus níos mó infheistíochta a dhéanamh, cinntí a dhéanamh níos gaire don chríoch, agus gealltanas a thabhairt go mbainfear úsáid chliste inbhuanaithe as uisce chun tacú le forbairt shocheacnamaíoch gach críche agus chun saoránaigh a chosaint, gan aon duine a fhágáil ar lár.”
Jessika Roswall, an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um Athléimneacht i réimse an Uisce agus um Gheilleagar Ciorclach Iomaíoch: “Is é an t-uisce bunchloch ár slándála eacnamaíche agus comhshaoil. Is léir go mbraitear dúshláin uisce ar dtús agus is measa ar an leibhéal áitiúil. Ciallaíonn sé sin nach mór réitigh a mhúnlú go háitiúil, agus is é sin an fáth a bhfuil ról ríthábhachtach ag Coiste na Réigiún. Is é an Straitéis Athléimneachta Eorpach maidir le hUisce an freagra comhchoiteann atá againn agus le chéile is féidir linn gníomhaíocht a dhéanamh den uaillmhian agus fíor-athléimneacht uisce a bhaint amach.”
Tuilleadh eolais:
D’óstáil CnaR an chéad Fhóram Athléimneachta Uisce de chuid an Aontais i mí na Nollag 2025. Eagraíodh an t-imeacht débhliantúil i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le CESE. In 2026, tá Ardán na nGeallsealbhóirí Athléimneachta Uisce á sheoladh ag an gCoimisiún, grúpa saineolaithe neamhfhoirmiúil nua a thabharfaidh páirtithe leasmhara agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha le chéile chun tacú le cur chun feidhme gníomhaíochtaí tosaíochta faoin Straitéis Athléimneachta Uisce.
D’fhoilsigh Coimisiún ENVE in CnaR staidéar le déanaí maidir le rioscaí tuilte a bhainistiú: conas athléimneacht uisce a fhorbairt i bpobail áitiúla, ina ndéantar anailís ar chúig chás-staidéar ó gach cearn den Eoraip agus ina gcuirtear moltaí ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, do rialtais náisiúnta agus don Aontas.
· Grianghraif de sheisiún iomlánach CnaR
Teagmháil:
Lauri Ouvinen
Teil. +32 473536887
lauri.ouvinen@cor.europa.eu
Spain
Comhalta
President of the Regional Government of Andalusia
Hungary
Comhalta
Member of the General Assembly of Budapest Capital