Slovakia
Milan MAJERSKÝ
Comhalta
Chairman of the Prešov self-governing Region
Beidhan tsíocháin,tuilleadh athchóirithedíláraithe agus an comhrac i gcoinne an éillithe ina dtosca atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh le hatógáil na hÚcráine, a dúirt comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 28 Samhain i gcruinniú le hionadaithe ó naleibhéil náisiúnta,réigiúnacha agus local san Úcráin.
Sa phlé a rinneadh in Prešov in oirthear na Slóvaice, chuir comhaltaí MheithealCnaR umanÚcráin i bhfios go láidir nár cheart do na cumhachtaí urghnácha a thugtar leis an dlí míleata an bonn a bhaint den dul chun cinn fadtéarmach maidir le dílárú, rialachas daonlathach áitiúil agus athchóiriú ar riarachán poiblí, agus leag siad béim ar an luach a bhaineann le rannpháirtíocht thrédhearcach chuimsitheach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in athchóirithe a bhaineann le haontachas leis an Aontas.
Agus tagairt á déanamh do na hiarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair chun an tsíocháin abhunúsan Úcráin, dúirt na comhaltaí nach mór ceannasacht agus sláine na hÚcráine a ráthú go hiomlán le haon chomhaontú chomh maith lena mianta Eorpacha a roghnaítear go saorálach a áirithiú.
Roimh an gcruinniú a bhí ag an Meitheal um an Úcráin, a rinne nuashonrú freisin ar phlean tacaíochta10 bpointe CnaRdon Úcráin, bhí seimineár ann an 27 Samhain le comhaltaí ón gCoimisiún um Shaoránacht, Rialachas, Gnóthaí Institiúideacha agus Seachtracha (CIVEX) in CnaR a bhí dírithe ar an gcomhar trasteorann lecathracha agus réigiúinna hÚcráine. D’fhéach an seimineár go háirithe ar thionscnaimh iréigiúnShléibhte Cairp, réigiún ina bhfuil codanna den Úcráin, den tSlóvaic, den Pholainn, den Ungáir agus den Rómáin.
Chuir óstach chruinnithe agus eagraí an tseimineáir – Milan Majerský (SK/PPE), Uachtarán Réigiún Féinrialaithe Prešov– béim ar an ngá atá le ‘straitéis Shléibhte Cairp’ de chuid an Aontais, níos mó infheistíochta i mbonneagar bóithre sa réigiún, agus creataí nua níos solúbtha don chomhar trasteorann.
Bhí comhaltaí CnaR in ann dul isteach san Úcráin, cuairt athabhairt ar Uzhhorod chun plé a dhéanamh le méara na cathrach agus chun samplaí pearsanta den chomhar trasteorann a fheiceáil, lena n-áirítear chun iarshaighdiúirí cogaidh a athshlánú.
Sleachta:
Patrick Molinoz (FR/PSE), Leas-Uachtarán réigiún Bourgogne-Franche-Comté, comhalta den Mheitheal um an Úcráin, agus rapóirtéir CnaR maidir le ‘Pacáiste um Méadú 2025 – an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia’: ‘Le conair na hÚcráine i dtreo ballraíocht san Aontas, níor cheart neamhaird a thabhairt ar na dálaí le haghaidh atógáil inbhuanaithe ná ar neartú creata institiúidigh dhíláraithelena gcumhachtaítear na húdaráis áitiúla go hiomlán. Bainfidh méadú an Aontais tairbhe as a bheith tógtha i gcomhréir le riachtanais agus ionchais na saoránach, agus ar an gcaoi sin le rannpháirtíocht ghníomhach na gcathracha agus na réigiún. Ar fud an Aontais, is iad na húdaráis áitiúla a dhearann agus a chuireann chun feidhme na beartais laethúla is mó a thugann aghaidh go díreach ar riachtanais na saoránach. Ní hamháin go n-éascóidh a rannpháirtíocht an bealach chun ballraíochta ach, níos tábhachtaí fós, cinnteoidh sí go n-éireoidh go nithiúil agus go buan leis do shaoránaigh na 27 mBallstát agus do mhuintir na hÚcráine. Anois, níos mó ná riamh, tá guthanna agus gníomhaíochtaí na gcathracha agus na réigiún ríthábhachtach chun an t-idéal Eorpach a chomhlíonadh.”
Oleksii Riabykin,Leas-Aire Forbartha Pobail agus Críocha na hÚcráine: “Mar gheall ar an gcogadh, tá méadú as cuimse tagtha ar na neamhréireanna san fhorbairt réigiúnach. Tá ár stát i ndáiríre i ngníomh cothromaíochta, agus tá sé an-deacairár réigiúin a fhorbairt faoi dhúshláin den sórt sin. Ach táimid ag déanamh amhlaidh. In ainneoin an chogaidh, tá forbairt dhearfach á léiriú ag an ngeilleagar. Faoi láthair, tá dúshlán criticiúil roimh ár dtír agus roimh ár riaracháin réigiúnacha agus áitiúla: chun maireachtáil an geimhreadh seo gan daoine a chailleadh, agus ag an am céanna leanúint d’athchóirithe agus timpeallacht bhríomhar a chothabháil ar gach leibhéal.”
Oleksandr Syenkevych,Méara Mykolaiv, thar ceann Chomhlachas Chathracha na hÚcráine (AUC): “Tá trí phríomhtheachtaireacht ann ó phobail na hÚcráine. Ar dtús, rannpháirtíocht. Ní mór cinntí a dhéanann difear do phobail a fhorbairt lena rannpháirtíocht. Ar an dara dul síos, díriú ar thorthaí. Ba cheart d’institiúidí fíorfhadhbanna a réiteach ach níl siad ann go foirmiúil. Ar an tríú dul síos, freagrachtchomhroinnte. Ba cheart do gach leibhéal rialtais agus comhpháirtithe Eorpacha oibriú le chéile chun cinntí a chur chun feidhme. Léiríonn na prionsabail sin fís na hÚcráine mar stát nua-aimseartha, daonlathachic, díláraithe iedEorpach.”
Tuilleadh eolais:
Sonraí na gcruinnithe: Doiciméid agus físeáin ó sheimineár seachtrach an Choimisiúin um Shaoránacht, Rialachas, Gnóthaí Institiúideacha agus Seachtracha (CIVEX) in CnaRmaidir le ‘ConairnahÚcráine i dtreo lánpháirtiú agus téarnamh an Aontais: ról an chomhair réigiúnaigh trasteorann", 27 Samhain; doiciméid agus físeáin ón 10ú Meitheal um an Úcráin,ceann an 28 Samhain; grianghraif den dá imeacht. An 26 Samhain, d’óstáil Prešovcruinniú d’Idirghrúpa neamhfhoirmiúilCnaR i Sléibhte Cairp, ar tugadh cuireadh do cheannairí áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine freastal air.
Freastalaithe Úcránacha: I measc na nÚcránach abhí i láthair in Prešov bhí ceannairí ceithre réigiún Shléibhte Cairp – Zakarpattia, Lviv, Ivano-Frankivsk agus Chernivtsi – chomh maith le méara Mykolaiv, ceann Chomhairle Réigiúnach Kharkiv, ionadaí ó réigiún Odesa,agus ionadaithe comhlachas a dhéanann ionadaíocht ar riaracháin fhonáisiúnta na hÚcráine: Comhlachas Chathracha na hÚcráine, Comhlachas Chomhairlí Ceantair agus Réigiúnacha na hÚcráine (UAROR), Comhlachas na gComhphobal Críochach Cónasctha, Comhlachas na gComhphobalUile-Úcránach. Rinne Oleksii Riabykin,Leas-Aire Forbartha Pobail agus Críocha na hÚcráine, agus méara Kharkiv,thar ceann Chomhlachas na gCathracha agus na bPobal Túslíne, rannchuidiú ar líne.
An Mheitheal um an Úcráin: Is é príomh-mhisean Mheitheal CnaR um an Úcráin idirphlé leanúnach a choinneáil ar bunidir ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa agus na hÚcráine agus tuiscint níos fearr a fháil ar an staid mar atá ar an láthair chun antacaíocht is fearr is féidir a chur ar fáil. D’iarr an Úcráin agus Coiste Eorpach na Réigiún araon go ndéanfaí na teagmhálacha a uasghrádú a thuilleadh, trí Chomhchoiste Comhairliúcháin abhunúa mbeidh ballraíocht sheasta aige ar thaobh na hÚcráine; Táthar ag súil le cinneadh foirmiúil chuige sin go luath.
Pacáiste tacaíochta don Úcráin: Tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, ghlac CnaR pacáiste tacaíochta 10 bpointechun borradh a chur faoi athléimneacht na hÚcráine agus chunlánpháirtiú na tíre san Aontas a neartú. Beidh an plean nuashonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choiste.
Méadú: I mí an Mheithimh 2022, rinneadh iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas den Úcráin agus cuireadh tús leis an gcaibidlíocht fhoirmiúil i mí an Mheithimh 2024. I mí Mheán Fómhair 2025, chuir an Úcráin an próiseas scagtha i gcrích chun ailíniú reatha na mbeartas a shainaithint. An 4 Samhain, d’eisigh an Coimisiún Eorpach a thuarascáil bhliantúil ar an dul chun cinn atá déanta ag tíortha an mhéadaithe maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas, agus thug sé dá aire an dul chun cinn atá déanta maidir le rialachas, forbairt réigiúnach agus ailíniú na hÚcráine leis an Aontas ach chuir sé in iúl gur gá feabhas a chur ar chosaint an smachta reachta, ar bhearta frithéillithe agus ar an easpa acmhainneacht riaracháin áitiúil. In athbhreithniú ar athchóirithe na hÚcráine a bhaineann leis an Aontas a glacadh i mí Aibreáin 2025, mhol comhaltaí CnaR ailíniú na hÚcráine le beartas eachtrach agus slándála an Aontais, ‘dul chun cinn suntasach’ maidir le hathchóirithe, agus d’aithin siad ‘dul chun cinn sa rialachas áitiúil, san atógáil agus sa dílárú’ agus leag siad béim ag an am céanna ar‘an ngá atá le hiarrachtaí leanúnacha chun acmhainneacht riaracháin agus neamhspleáchas fioscach na n-aonad rialtais áitiúil a mhéadú’.
Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine: Leathanach gréasáin. PhléighMeitheal CnaRum an Úcráin an méid a d’fhéadfadh CnaRa chur leisan gComhdháil maidir le Téarnamh na hÚcráine (URC), an t-imeacht bliantúil is mó de chuid an chomhphobail idirnáisiúnta atá dírithe ar an gcomhar chun cabhrú le hatógáil na hÚcráine. Ag URC, déanann CnaR ionadaíocht arChomhghuaillíochtEorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine,a chomhbhunaigh sé in 2022. In 2026, tionólfar URC sa Pholainn.
Clár oiliúna d'oifigigh áitiúla: I mían Mhárta 2025, sheol CnaR anClárTacaíochta Oiliúna agus Intéirneachta do Bhardais na hÚcráine (TIPS4Ukraine). Tá U-LEAD – comhpháirtíocht idir rialtas na hÚcráine, an tAontas Eorpach, an Ghearmáin, an Danmhairg, an Fhrainc, an Pholainn agus an tSlóivéin – freagrach asangclára chur chun feidhme ó lá go lá, clár atá páirtmhaoinithe ag Saoráid an Aontais don Úcráin.
Staidéar ar thacaíocht ón Aontas d’údaráis fhonáisiúnta nahÚcráine: ‘Fothúacmhainneachta do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i bhfianaise Shaoráid na hÚcráine (Colún III)’, arnachoimisiúnúag CnaR agus arna fhoilsiú in 2025 (táachoimre ar fáil freisin).
Slovakia
Comhalta
Chairman of the Prešov self-governing Region
France
Comhalta
Vice-President of the Region of Bourgogne-Franche-Comté