Glacann na comhaltaí páirt i gcruinnithe de chuid CnaR, cuir i gcás seisiúin iomlánacha, cruinnithe de na coimisiúin nó cruinnithe de na grúpaí polaitiúla, a reáchtáiltear sa Bhruiséil den chuid is mó (ach a reáchtáiltear in áiteanna eile ó am go chéile freisin). Féadfar comhaltaí a údarú freisin le páirt a ghlacadh i gcruinnithe arb ábhar suime do CnaR iad ach nach é CnaR a d’eagraigh.
Leagtar síos na rialacha maidir le haisíocaíocht speansas taistil agus íocaíocht liúntas le comhaltaí i Rialachán 3/2026 ón mBiúró an 3 Márta 2026 maidir le haisíocaíocht speansas taistil agus íocaíocht liúntas le comhaltaí, comhaltaí malartacha agus daoine eile a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún (féach thíos i roinn na ndoiciméad).
- Tá na comhaltaí i dteideal liúntas cruinnithe ar ráta comhréidh agus liúntas taistil ar ráta comhréidh, chun na costais a thabhaítear ag ionad an chruinnithe nó le linn a dturais a chumhdach (e.g. lóistín, béilí, páirceáil, iompar áitiúil, costais dola, etc.).
- De bhreis ar na liúntais sin, ar chur isteach na ndoiciméad tacaíochta ábhartha dóibh, beidh na comhaltaí i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chostais taistil i ndáil leis na cruinnithe sin. Ní liúntas atá i gceist leis sin ach aisíocaíocht ar na costais iarbhír, laistigh de theorainneacha na n-uasteorainneacha bunaithe. Molann CnaR go láidir roghanna taistil níos inbhuanaithe a dhéanamh.
- I gcás líon teoranta cruinnithe, nuair a eagraítear iad ar mhodh hibrideach nó go hiomlán ar líne, féadfaidh comhaltaí iarratas a dhéanamh ar liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh, rud ar fiú 50 % den ghnáthliúntas cruinnithe é. Is liúntas amháin in aghaidh an lae cruinnithe a bheidh i gceist leis na liúntais chruinnithe, gan beann ar líon na gcruinnithe.
Cumhdaítear na speansais sin ar fad le buiséad an Aontais Eorpaigh agus déanann institiúidí agus comhlachtaí inniúla an Aontais iniúchadh orthu, mar is cuí. Ní aisíocfaidh an Coiste gníomhaíochtaí arna n-aisíoc ag páirtí eile.