Speansais taistil agus liúntais ar ráta comhréidh

Is ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla iad Comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. Ní fhaigheann siad aon luach saothair ó CnaR ná ó bhuiséad an Aontais agus a ndualgais mar chomhaltaí á gcomhlíonadh acu.

Ar an leathanach seo

Glacann na comhaltaí páirt i gcruinnithe de chuid CnaR, cuir i gcás seisiúin iomlánacha, cruinnithe de na coimisiúin nó cruinnithe de na grúpaí polaitiúla, a reáchtáiltear sa Bhruiséil den chuid is mó (ach a reáchtáiltear in áiteanna eile ó am go chéile freisin). Féadfar comhaltaí a údarú freisin le páirt a ghlacadh i gcruinnithe arb ábhar suime do CnaR iad ach nach é CnaR a d’eagraigh.

Ón 26 Eanáir 2025, tá rialachán nua ón mBiúró i bhfeidhm, Rialachán 3914/2024 an 19 Samhain 2024 maidir le haisíocaíocht speansas taistil agus íocaíocht liúntas le comhaltaí, comhaltaí malartacha agus daoine eile a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí Choiste Eorpach na Réigiún (féach roinn na ndoiciméad thíos), rud a thugann athruithe tábhachtacha isteach arb é is aidhm dóibh na rialacha a bhí ann go dtí seo a thabhairt cothrom le dáta agus a nuachóiriú. Ceapadh na hathruithe sin chun nósanna imeachta a shimpliú, an trédhearcacht a fheabhsú, agus an inbhuanaitheacht a chur chun cinn maidir le cúrsaí taistil.

  • Sa rialachán sin, déantar rialacha ó naoi rialachán éagsúla a thabhairt le chéile in aon chreat soiléir amháin a chuimsíonn gach cineál rannpháirtí, lena n-áirítear comhaltaí, comhaltaí malartacha, breathnóirí, saineolaithe, aoichainteoirí, tríú páirtithe, iriseoirí, agus aon duine eile arna chinneadh ag an mBiúró. A bhuí leis an simpliú sin, is furasta agus is solúbtha an próiseas aisíocaíochta.
  • An liúntas cruinnithe ar ráta comhréidh atá ann ná EUR 367 in aghaidh an lae cruinnithe, chun costais áitiúla a íoc, leithéidí béilí agus cóiríochta.
  • De bhreis ar na liúntais chruinnithe, ar chur isteach na ndoiciméad tacaíochta ábhartha dóibh, aisíocfar leis na comhaltaí costas iarbhír an taistil a rinneadh chun freastal ar na cruinnithe sin. Más i gcarr a thaistil na comhaltaí, aisíocfar a gcostais leo de réir ráta comhréidh EUR 0.40 in aghaidh an chiliméadair. De ghrá na héascaíochta, féadfaidh na comhaltaí a dticéid iompair a chur in áirithe trí bhíthin ghníomhaireacht taistil an Choiste, rud a fhágann go n-íocfaidh CnaR go díreach astu.
  • Déanann an rialachán roghanna taistil is inbhuanaithe agus bainistíocht airgeadais is cothroime a chur chun cinn. Tá forálacha ann maidir le comhaltaí a chur ar an eolas faoi roghanna taistil inbhuanaithe agus ticéid á gcur in áirithe acu trí bhíthin ghníomhaireacht taistil an Choiste. Lena chois sin, rinneadh na rialacha aisíocaíochta a choigeartú chun costais bhreise a chumhdach, rochtain ar tholglann nó lána tapa, cuir i gcás, agus roghanna ar chostas íseal nó den ghrád barainne á bpiocadh.
  • Faigheann na comhaltaí liúntas taistil ar ráta comhréidh freisin atá bunaithe ar achar iomlán an turais agus a chlúdaíonn na costais uile a thagann i gceist lena linn sin. Áirítear orthu sin, mar shampla, dolaí mótarbhealaí nó dola-ghreamáin, na córais iompair phoiblí sa Bhruiséil, táillí páirceála ag an aerfort amach nó ag an stáisiún traenach amach, béilí, deochanna agus táillí breise óstáin le linn an turais nó toisc go gcaithfidh an comhalta fanacht ag ionad an chruinnithe níos faide ná mar a beartaíodh. Ní íoctar an liúntas seo ach amháin nuair is sia ná 200 km achar an turais, rud is ionann agus EUR 200 in aghaidh an aonaid tagartha (íocaíocht aonair amháin in aghaidh an turais fillte agus 2 aonad ar a mhéad atá ceadaithe).
  • I gcás líon teoranta cruinnithe, nuair a eagraítear iad ar mhodh hibrideach nó go hiomlán ar líne, íocfaidh an Coiste liúntas cianchruinnithe ar ráta comhréidh le comhaltaí, rud ar fiú 50 % den ghnáthliúntas cruinnithe é. Ar laethanta a bhfuil freastal ar an láthair agus cianfhreastal araon i gceist, ní íocfar ach an liúntas cruinnithe.

Cumhdaítear na speansais thuasluaite uile le buiséad an Aontais Eorpaigh agus déanann comhlachtaí agus institiúidí inniúla an Aontais iniúchadh orthu, mar is cuí. Ní aisíocfaidh an Coiste gníomhaíochtaí arna n-aisíoc ag páirtí eile. 

Doiciméid