Luxembourg
Stephen De RON
Comhalta malartach
Councillor of the Municipality of Hesperange
Tá na húdaráisáitiúla agus réigiúnacha ar thús cadhnaíochta maidir le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann ar an smacht reachta a shainaithint go luath agus maidir le bunluachanna an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme sa chleachtas. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar iad a chomhtháthú i gceart i gcórais faireacháin agus foláirimh agus nach ngearrfar pionós orthu as sáruithe arna ndéanamh ag rialtais náisiúnta. Is iad sin príomhtheachtaireachtaí na tuairime a dhréachtaigh Stephen De Ron (LU/Na Glasaigh), Comhalta de Chomhairle Bhardasach Hesperange, agus a ghlac Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 2 Aibreán.
Áitíonn na réigiúin agus na cathracha gur cheart don Choimisiún Eorpach tuairimí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chomhtháthú ar bhealach níos fearr ina thuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta. A bhuí lena ngaireacht do shaoránaigh agus leis an bhfreagracht atá orthu seirbhísí poiblí a sholáthar, gníomhaíonn údaráis áitiúla agus réigiúnacha mar chaomhnóirí an daonlathais agus is féidir leo comharthaí luathrabhaidh maidir le sáruithe ar an smacht reachta a shainaithint. Mar sin féin, cuirtear in iúl sa tuairim ó CnaR go bhfuil srianta buiséadacha agus institiúideacha fós orthu a d’fhéadfadh teorainn a chur lena gcumas gníomhú.
Cuireann CnaR i bhfios go láidir nach mór do chistí Eorpacha leanúint de bheith ina luamhán don chobhsaíocht dhaonlathach agus chun an smacht reachta a neartú, agus iarrann sé critéir dhochta thrédhearcacha maidir le coinníollacht bhuiséadach a chur i bhfeidhm. Meabhraíonn sé, áfach, nach bhfuil na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla freagrach as sáruithe a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta agus áitíonn sé go n-urramóidh na Ballstáit an oibleagáid aon chlár a chur chun feidhme a ndéanann fionraíocht chistiú an Aontais difear dó. I ndáil leis an méid sin, moltar ann uirlisí tuairiscithe a chruthú do thairbhithe ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus iarrtar ar an gCoimisiún anailís a sheoladh ar na sásraí leithdháilte airgeadais atá ann cheana chun a áirithiú go mbeidh rochtain i gcónaí ar chistiú ag na húdaráis áitiúla agus ag gníomhaithe na sochaí sibhialta a urramaíonn luachanna an Aontais ina n-iomláine.
Chun a áirithiú go ndéanfar prionsabail an smachta reachta a chomhtháthú i gcreataí beartais uile an Aontais, cuireann réigiúin agus cathracha in iúl a thábhachtaí atá a rannpháirtíocht iomlán ó chéim an cheaptha beartas, maidir le tosaíochtaí a leagan síos agus srianta rialála a thuar. Ina theannta sin, molann CnaR ‘Idirphlé Áitiúil maidir leis an Smacht Reachta’ a chur ar bun chun plé a dhéanamh ar shaoirse an phreasa, ar neamhspleáchas na gcomhlachtaí maoirseachta agus ar thrédhearcacht riaracháin, agus iarrann sé tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena n-áiritheofar go leanfar prionsabail dhaonlathacha go hiarbhír in ainneoin brúnna iomadúla, lena n-áirítear cur isteach seachtrach ar ábhar imní é. Is gá freisin tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i múscailt feasachta agus in oiliúint d’ionadaithe tofa, d’fhoireann riaracháin, do na breithiúna agus d’oifigigh forfheidhmithe dlí.
Luaigh:
Rapóirtéir Stephen De Ron (LU/Na Glasaigh), Comhalta de Chomhairle Bardais Hesperange: “Nuair a bhíonn bunsraitheanna ár ndaonlathais faoi bhagairt, ní mór dúinn beart a dhéanamh. Gan an smacht reachta, cailltear muinín agus ceartas. Má theipeann orainn gníomhú anois, cuirimid gach rud is mór againn i mbaol.”
Luxembourg
Comhalta malartach
Councillor of the Municipality of Hesperange