Is éard is Comhaontas Réigiúin an Tionscail Gluaisteán ann líonra de réigiúin agus eagraíochtaí braisle atá tiomanta go n-éireoidh le haistriú an tionscail gluaisteán agus shlabhra soláthair an tionscail sin. Is tionscnamh de chuid Choiste na Réigiún é an Comhaontas Is éard is aidhm dó réigiúin agus eagraíochtaí braisle a thabhairt le chéile ina bhfuil tionscal láidir gluaisteán mar aon le slabhra soláthair agus a dteastaíonn uathu ról gníomhach a bheith acu i ndícharbónú na hearnála iompair agus cabhrú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Lena chois sin, beidh siad in ann na héiceachórais thionsclaíocha réigiúnacha a neartú agus luach a chruthú, sin agus a chinntiú go bhfuil an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta ag tarlú i ngach réigiún Eorpach atá faoi thionchar an aistrithe. Comhpháirtí tábhachtach sa Chomhaontas is ea an Grúpa Idir-réigiúnach um Thodhchaí an Tionscail Gluaisteán (CnaR) atá gníomhach sa réimse seo ó bhí 2009 ann. Beidh an Grúpa Idir-Réigiúnach ina phríomhéascaitheoir maidir leis an gcomhar agus na gníomhaíochtaí a bheidh ar bun ag an gComhaontas sna blianta atá romhainn.
Ár gcuspóirí
Is éard is aidhm do Chomhaontas Réigiúin an Tionscail Gluaisteán a chinntiú nach bhfágfar aon réigiún ar lár sa chlaochlú inbhuanaithe a dhéanfar ar an iompar de bhóthar agus ar an tionscal gluaisteán.
Tá an Comhaontas ag éileamh go ndéanfadh an tAontas Eorpach beart chun an méid seo a leanas a bhaint amach:
- Sásra Eorpach a bhunú go práinneach chun tacú le haistriú cóir cothrom agus rathúil a dhéanamh sna réigiúin sin den Eoraip ina bhfuil tionscal láidir gluaisteán mar aon le slabhra soláthair, lena n-áirítear trí línte buiséid breise ar leith a chur san áireamh sna cistí agus sna cláir Eorpacha éagsúla.
- Measúnú tionchair chríochaigh mionsonraithe a dhéanamh (ar an leibhéal réigiúnach) ar iarmhairtí an chlaochlaithe sa tionscal gluaisteán, rud a bheadh ina thúsphointe don chreat um aistriú cóir, lena n-áirítear mapáil ghráinneach ar an tionchar ar fhás réigiúnach agus ar phoist.
- Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna atá i gcoiteann ag réigiúin agus ag fiontair bheaga agus mheánmhéide a fhad a bhaineann sé le tionscal an tslabhra soláthair sa tionscal gluaisteán, toisc go ndéanfaidh aistriú na ngléasraí cumhachta an-difear don tionscal sin.
- Tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair (sna réigiúin) ionas gur féidir a sheachaint go gcaillfear poist sna réigiúin. Ní mór dúinn faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus ar éileamh na scileanna ábhartha agus na héilimh a bheidh ann sa todhchaí a thuar i ndlúthchomhar le creat uile-Aontais an Chomhshocraithe um Scileanna, agus go háirithe le Comhaontas Scileanna an Tionscail Gluaisteán.
- Tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar chreat láidir taighde le haghaidh na nuálaíochta agus an chlaochlaithe thionsclaíoch i dtionscal gluaisteán na hEorpa, rud a chuirfidh le hathléimneacht an tslabhra soláthair a fhad a bhaineann sé le hamhábhair straitéiseacha agus chriticiúla.
- Foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht sna treoirlínte maidir le státchabhair (an rialachán blocdhíolúine san áireamh) chun go mbeidh réigiúin an tionscail gluaisteán in ann an claochlú sin a stiúradh agus a bhainistiú agus éifeachtaí diúltacha a sheachaint. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le bearta a thacódh leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha dlús a chur leis an nglacadh leis na teicneolaíochtaí nuálacha sa soláthar poiblí.
- Tacú leis na réigiúin chun stáisiúin athbhreoslaithe agus athluchtaithe poiblí a chur ar fáil chun an glacadh atá le feithiclí leictreacha agus feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha ísealcharbóin agus saor ó charbón a chur chun cinn. Tá sé thar a bheith tábhachtach ar chúiseanna a bhaineann leis an gcomhtháthú críochach agus sóisialta go mbeadh stáisiúin den chineál sin i ngach réigiún agus go mbeidís comhoiriúnach dá chéile thar theorainneacha.
- Na cistí infheistíochta poiblí agus príobháidí atá ar fáil a dhíriú ar na réitigh theicneolaíocha éagsúla atá ann (e.g. leictriú, teicneolaíochtaí hidrigine agus breoslaí sintéiseacha) chun gur féidir iomaíochas agus nuálaíocht thionscal gluaisteán na hEorpa a chinntiú.
- Cur chuige rialachais il-leibhéil agus comhpháirtíochta a bhunú i leith an aistrithe ar mhaithe le pleanáil beartas, gníomhaíocht bhuiséadach, agus idirphlé leis na geallsealbhóirí agus na húdaráis phoiblí uile, a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus éifeachtach ar gach leibhéal, an Coimisiún Eorpach, an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa san áireamh.
- Tacú leis an gComhaontas seo atá ar an bpríomhardán oscailte chun réigiúin ina bhfuil tionscal láidir gluaisteán mar aon le slabhra soláthair a chomhordú, ionas gur féidir leo oibriú le chéile ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, agus i ndlúthchomhar leis na tionscnaimh atá ann cheana chun a chinntiú go n-éireoidh leis an aistriú.
Struchtúr rialachais
An réigiún a bhfuil an chathaoirleacht aige: Grand-Est
Na réigiúin a bhfuil an chomhchathaoirleacht acu: an Bhaváir agus Tír na mBascach
Tá obair an Chomhaontais á treorú ag na réigiúin ag a bhfuil an chathaoirleacht agus an chomhchathaoirleacht, a dhéanann ionadaíocht ar an gComhaontas ar an leibhéal polaitiúil agus atá freagrach as Comhdháil Bhliantúil Chomhaontas Réigiúin an Tionscail Gluaisteán - áit a nglactar Dearbhú bliantúil an chomhaontais.
Is féidir le comhaltaí uile nó ionadaithe uile na rialtas réigiúnach, lena n-áirítear ó réigiúin nach bhfuil comhaltaí acu i gCoiste na Réigiún, a bheith ina gcomhaltaí de Comhaontas Réigiúin an Tionscail Gluaisteán. Ina theannta sin, is féidir le heagraíochtaí braisle a bhfuil baint acu leis an earnáil mótarfheithiclí agus le hionadaithe náisiúnta ó na Ballstáit nach bhfuil ionadaíocht fhonáisiúnta láidir acu páirt a ghlacadh i stádas comhpháirtíochta.
Déantar ionadaíocht ar na comhaltaí uile an ar an leibhéal oibre i ngrúpa Sherpa an Chomhaontais. Is é cathaoirleach Choimisiún COTER in CnaR ionadaí polaitiúil CnaR sa Chomhaontas, agus is é CnaR a eagraíonn an rúnaíocht theicniúil.