Italy
Alberto CIRIO
Comhalta
President of the Piedmont Region
Is díol sásaimh do na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha torthaí Chomhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2025 mar chloch mhíle thábhachtach ar an gconair i dtreo atógáil agus athchóiriú na hÚcráine agus a cathracha agus a réigiún, agus aird á tabhairt acu ar ghealltanais chun tacaíocht a mhéadú d’acmhainneacht rialtais áitiúil san Úcráin agus chun comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a fhorbairt do réigiúin agus do chathracha na hÚcráine.
Tháinig deireadh le Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine, inar tugadh le chéile institiúidí idirnáisiúnta, gach leibhéal rialtais, agus ionadaithe gnó agus na sochaí sibhialta, an 11 Iúil sa Róimh nuair a d’fhógair an tAontas Eorpach go gcruthófaí Mol Comhpháirtíochta Eorpach, chun tacú leis an gcomhar idirnáisiúnta ar an leibhéal bardasach, agus clár – EU4Reconstruction – chun bainistiú tionscadal forbartha réigiúnaí san Úcráin a neartú. Sna seachtainí roimh an gcomhdháil, rinne rialtas na hÚcráine nuashonrú freisin, le tacaíocht ó Chomhdháil Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha Chomhairle na hEorpa, ar a choincheap díláraithe, a threoraigh, ó 2014 i leith, athchóirithe suntasacha ar an rialtas áitiúil sa tír.
Leis an bplé a rinneadh ag an gComhdháil maidir le Téarnamh na hÚcráine, cruinniú bliantúil a cruthaíodh chun tacú leis an Úcráin tar éis ionradh iomlán na Rúise in 2022, léirítear go ginearálta na moltaí a rinne Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine i mí na Bealtaine .
Ag labhairt di thar ceann na Comhghuaillíochta, dúirt Kata Tüttő (HU/PSE), Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún: “Tá ceannairí áitiúla ó gach cearn den Aontas agus den Úcráin ag obair le chéile chun creatlach na hEorpa seo againne a neartú. Tá gá leis sin ní hamháin don obair atógála laethúil a dhéanann réigiúin agus cathracha na hÚcráine ach san fhadtéarma freisin. Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht na riarachán áitiúil chun cabhrú leis an Úcráin na cistí atá ar fáil a úsáid ar an mbealach is fearr is féidir agus chun an daonlathas áitiúil a threisiú.’
Chuir URC clár i láthair freisin a chuireann oiliúint agus intéirneachtaí ar fáil d’oifigigh na hÚcráine i mbardais an Aontais. Sheol CnaR an clár le chéile agus U-LEAD leis an Eoraip ar dtús i mbliana ar mhodh píolótach. Fógraíodh sa Róimh go leanfaí leis an gclár.
Bhunaigh Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine agus feidhmíonn sé mar rúnaíocht dó.
In éineacht leis an Uachtarán Tüttő, áiríodh an méid seo a leanas ar an toscaireacht a sheol CnaR chuig an gComhdháil maidir le Téarnamh na hÚcráine: Antje Grotheer (DE/PSE), cathaoirleach na Meithle um an Úcráin agus uachtarán Pharlaimint Chathair Bremen; Aleksandra Dulkiewicz (PL/PPE), méara Gdańsk agus rapóirtéir CnaR maidir le ‘Pacáiste um Méadú 2024: an Úcráin, an Mholdóiv, an tSeoirsia’; agus, thar ceann choimisiún CnaR atá i gceannas ar an gcaidreamh seachtrach (CIVEX), Patrick Molinoz (FR/PSE), Leas-Uachtarán réigiún Bourgogne-Franche-Comté. Deis a bhí in URC freisin bualadh le comhpháirtithe de chuid CnaR ón Úcráin, lena n-áirítear Vitaliy Klitschko, méara Chív agus comhalta oinigh de CnaR.
Chuir ionadaithe CnaR agus comhaltaí eile de Chomhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine – lena n-áirítear an Chomhdháil um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha Chomhairle na hEorpa, príomheagraíocht chearta an duine na mór-roinne – béim ar an ngá atá le rialtas na hÚcráine leanúint d’athchóirithe díláraithe, agus d’áitigh siad go gcuirfeadh cumhachtaí neartaithe agus neamhspleáchas fioscach méadaithe ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach rannchuidiú ar bhealach níos éifeachtaí le hatógáil na tíre agus le hathchóirithe nach mór don Úcráin a dhéanamh chun dul isteach san Aontas. D’iarr siad freisin go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina mbreathnóirí ar Ardán Deontóirí na hÚcráine, ina dtionóltar go leor plé straitéiseach maidir le hatógáil na hÚcráine.
Agus iad ag labhairt i raon painéal agus imeachtaí ar an imeall ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine, d’iarr comhaltaí na Comhghuaillíochta ar institiúidí airgeadais idirnáisiúnta a gcistiú a dhéanamh níos inrochtana d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine, chuir siad brú ar chláir atógála sciar níos mó den chistiú a thabhairt don rialtas áitiúil, agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí bardasacha agus réigiúnacha.
D’áitigh siad go spreagfadh cur chuige fíorchuimsitheach i leith an téarnaimh – le réigiúin agus cathracha a bhfuil baint acu le pleanáil chomh maith le beartais, cláir agus tionscadail a chur chun feidhme – fás na ngeilleagar áitiúil agus go gcothódh sé forbairt ar leibhéal an phobail a d’fhéadfadh cabhrú le himirce daoine oilte de bharr ionradh na Rúise a aisiompú.
I staidéar a bhí dírithe ar an tacaíocht atá ann faoi láthair don Úcráin, a d’fhoilsigh CnaR an 8 Iúil, cuireadh i dtábhacht go gcuireann an úsáid a bhaineann an tAontas as iasachtaí seachas deontais, easpa cistiú díreach d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus cistiú teoranta do réigiúin srianta suntasacha ar fhothú acmhainneachta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach san Úcráin.
Bhí an plé ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine, a d’eagraigh rialtais na hÚcráine agus na hIodáile i gcomhar le chéile, dírithe ar cheithre ghné den téarnamh: slógadh gnó, téarnamh sóisialta agus forbairt caipitil dhaonna, atógáil bhardasach agus réigiúnach, agus athchóirithe a bhaineann le ballraíocht san Aontas.
Sleachta eile:
Antje Grotheer (DE/PSE), Uachtarán Pharlaimint Chathair Bremen agus cathaoirleach Mheitheal CnaR um an Úcráin: “Níor cheart go gcuirfeadh an t-atógáil isteach ar an bpríomhphointe riamh: ní mór dúinn deireadh a chur le scriosadh na hÚcráine. Ní mór dúinn muintir na hÚcráine a chosaint. Ní mór dúinn deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós, rud a chiallaíonn gur féidir leis an Rúis ionsaí a dhéanamh ar chathracha atá beagnach gan chosaint agus coireanna cogaidh a dhéanamh trí shibhialtaigh neamhurchóideacha a mharú ina leapacha. Is é seo an tosaíocht straitéiseach. Agus mura féidir linn smaoineamh go straitéiseach ar an rud is tábhachtaí anois – chun an Úcráin a chosaint anseo agus anois – is eagal liom nach mbeimid in ann smaoineamh go straitéiseach ar théarnamh na hÚcráine ach oiread.’
Aleksandra Dulkiewicz (PL/PPE), méara Gdańsk agus iarchathaoirleach Mheitheal CnaR um an Úcráin: ‘Oíche i ndiaidh na hoíche, tá sibhialtaigh á marú ag an Rúis agus iad ina gcodladh. Cuid de chuspóir na sceimhle sin is ea acmhainneacht sheirbhísí éigeandála agus riaracháin áitiúla na hÚcráine a bhriseadh. Tá oifigigh áitiúla ar an líne thosaigh sa chogadh – teastaíonn ár gcabhair uathu. Agus beidh siad ina gceannródaithe i dtéarnamh na hÚcráine – mar sin ní mór dúinn am, iarracht agus airgead a infheistiú chun tacú leo. Chuidigh an dílárú go mór leis an Úcráin: Ní mór é sin a thuiscint go soiléir. Mar sin, ní mór do théarnamh na hÚcráine leanúint d’athchóirithe díláraithe freisin. Is athléimneacht é an dílárú. Chuidigh sé le neamhspleáchas na hÚcráine a shábháil agus, mar is léir ó thaithí na Polainne, cuideoidh réigiúin láidre leis an Úcráin a bheith ina ball rathúil den Aontas.’
Tuilleadh eolais:
Is féidir teacht ar shuíomh gréasáin Chomhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2025 anseo. Tá taifeadtaí de na seisiúin ar fáil anseo. I mí Iúil 2022, cúig mhí tar éis ionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin, shainaithin Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine (URC) in Lugano na modhanna, na tosaíochtaí agus na treoirphrionsabail do phróiseas téarnaimh na hÚcráine. D’fhéach URC in 2023 i Londain le maoiniú ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a shlógadh don Úcráin, agus d’fhógair an Coimisiún Eorpach pacáiste €50 billiún – Saoráid na hÚcráine – chun téarnamh agus atógáil na hÚcráine a mhaoiniú. Dhírigh na URCanna i mBeirlín in 2024 agus sa Róimh in 2025 araon ar cheithre ghné de théarnamh na hÚcráine – gnó, caipiteal daonna, athchóirithe áitiúla agus réigiúnacha, agus athchóirithe a bhaineann leis an Aontas.
An 15 Bealtaine 2025, d’eisigh Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine ‘Ráiteascomhpháirteach maidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumhachtú le haghaidh atógáil agus aontachas na hÚcráine leis an Aontas amach anseo’le moltaí do Chomhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2025. I measc mholtaí na Comhghuaillíochta bhí idirphlé cuimsitheach maidir le riachtanais agus leasanna na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, ról níos láidre d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha in Ardán Deontóirí na hÚcráine, ‘ionad ilfhreastail’ le haghaidh comhpháirtíochtaí idir réigiúin agus cathracha na hÚcráine agus an Aontais, agus tacaíocht níos fearr d’fhothú acmhainneachta ar an leibhéal áitiúil.
Cruthaíodh Comhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine i mí Iúil 2022 chun iarrachtaí na réigiún, na gcathracha, na gcomhlachas críochach agus na gcomhpháirtithe a chomhordú chun tacú le hatógáil éifeachtach inbhuanaithe na hÚcráine. Tá na sonraí iomlána ar fáil ar shuíomh gréasáin Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), a chomhbhunaigh an Chomhghuaillíocht agus a fheidhmíonn mar rúnaíocht dó. Tugtar sonraí ar shuíomh gréasáin CnaR freisin faoina chuid oibre a bhaineann leis an Úcráin agus faoi ghníomhaíochtaí na Meithle um an Úcráin.
Ag an gComhdháil maidir le Téarnamh na hÚcráine, a tionóladh sa Róimh an 10-11 Iúil 2025, labhair Uachtarán CnaR, Kata Tüttő, ag painéal maidir le ‘Pobail na hÚcráine mar Shiombail Dhomhanda den Athléimneacht agus den Aontacht. Téarnamh agus Forbairt an Chomhphobail'. Labhair Antje Grotheer ar phainéal maidir le ‘Athléimneacht agus comhtháthú trí chomhpháirtíochtaí: An Comhar Áitiúil agus Idirnáisiúnta' agus rinne sé cur i láthair an Mhoil Comhpháirtíochta Eorpaigh a stiúradh. Labhair Aleksandra Dulkiewicz ag cur i láthair chlár TIPS4UA (TacaíochtCláir Oiliúna agus Intéirneachta do Bhardais na hÚcráine). Faoi láthair, tacaíonn TIPS4UA le hoiliúint agus le hintéirneachtaí do bhardais na hÚcráine le comhpháirtithe i 17 mBallstát den Aontas.
Labhair roinnt comhaltaí eile de CnaR ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine ina gcáil féin mar cheannairí áitiúla agus réigiúnacha. Is éard a bhí iontu: Alberto Cirio, Uachtarán Réigiún Piedmont; Roberto Gualtieri, Méara na Róimhe; Marco Marsilio, Uachtarán Réigiún Abruzzo.
Italy
Comhalta
President of the Piedmont Region
Poland
Comhalta
Mayor of the City of Gdańsk
Germany
Comhalta
President of the Bremen State Parliament
Italy
Comhalta
Mayor of Roma Capitale
Italy
Comhalta
President of the Abruzzo Region
France
Comhalta
Vice-President of the Region of Bourgogne-Franche-Comté
Hungary
Comhalta
Member of the General Assembly of Budapest Capital