Ângela Machado
angela.machado@cor.europa.eu
Le linn díospóireachta an 14 Deireadh Fómhair le Roxana Mînzatu, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta Sóisialta, Scileanna, Poist ar Ardchaighdeán agus Ullmhacht, d’iarr ceannairí áitiúla agus réigiúnacha go mbeadh acmhainní agus cistiú níos fearr sa chéad bhuiséad eile de chuid an Aontais chun Straitéis an Aontais um Scileanna a chur chun feidhme, ar príomhthionscnamh é faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. I dtuairim a ghabhann leis faoi stiúir Emil Boc (RO/PPE), Méara Bhardas Cluj-Napoca, chuir comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) i bhfios go láidir gurb í an infheistíocht i scileanna an spreagadh is láidre atá ag an Aontas don iomaíochas.
D’iarr tionól Eorpach na bpolaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha go mbeadh cistiú AE níos simplí, níos inrochtana agus níos comhordaithe i mbuiséad fadtéarmach nua an Aontais (2028-2034), agus go n-aithneofaí údaráis áitiúla agus réigiúnacha (LRAnna) mar chomhpháirtithe fíor-riachtanacha chun straitéisí Aontas na Scileanna agus an chuimsithe shóisialta a chur i gcrích ar fud réigiúin uile an Aontais. Chuir siad i dtábhacht gur cheart Aontas na Scileanna agus an Straitéis Frithbhochtaineachta a bheith ag treisiú a chéile, ós rud é go gcuirtear fostaíocht chun cinn agus go ndéantar an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac trí shaoránaigh a chumhachtú le scileanna.
Tar éis na díospóireachta leis an gCoimisinéir Mînzatu, ghlac ceannairí áitiúla agus réigiúnacha an tuairim maidir le Straitéis Aontas na Scileanna agus chuir siad i bhfios go láidir freisin go bhfuil infheistíocht i scileanna ríthábhachtach d’athléimneacht, d’iomaíochas agus do chomhtháthú na hEorpa, go háirithe i réigiúin thuaithe, iargúlta agus bheagfhorbartha. D’athdhearbhaigh siad an ról ríthábhachtach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an oideachas a chur in oiriúint do riachtanais áitiúla agus d’iarr siad go mbeadh idirphlé struchtúrtha ann le hinstitiúidí an Aontais chun a áirithiú go léireofar réaltachtaí áitiúla i mbeartais an Aontais.
Leag comhaltaí CnaR béim ar an ngá atá le hoideachas agus oiliúint a nuachóiriú trí infheistíochtaí níos mó a dhéanamh i scileanna ETIM, sa digitiú agus sa ghairmoiliúint, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar ghanntanais múinteoirí. D’iarr siad go mbeadh comhpháirtíochtaí láidre ann le gnólachtaí agus leis an saol acadúil chun éiceachórais scileanna réigiúnacha a fhorbairt lena gcothófar nuálaíocht agus lena gcoinneofar tallann.
Mhol CnaR freisin go mbeadh straitéisí saincheaptha ann chun grúpaí leochaileacha a chomhtháthú i margadh an tsaothair, mar aon le tacaíocht níos láidre don fhoghlaim atá bunaithe san ionad oibre agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Chuir na comhaltaí i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach aitheantas níos fearr a thabhairt do cháilíochtaí ar fud na hEorpa agus do bheartais scileanna sonraíbhunaithe chun lucht saothair na hEorpa a ullmhú do dhúshláin a bheidh ann amach anseo.
Le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuirtear creat an Aontais ar fáil chun an ceartas sóisialta, dálaí oibre cothroma agus comhdheiseanna a chur chun cinn. Tá Straitéis Aontas na Scileanna, a sheol an Coimisiún Eorpach i mbliana, ar cheann dá príomhthosaíochtaí agus is é is aidhm di na hinniúlachtaí is gá le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a thabhairt do shaoránaigh. Tá na dúshláin suntasach. Níor ghlac ach 37 % de dhaoine fásta páirt in oiliúint in 2023, faoi bhun na sprice 60 % do 2030, agus leanann ganntanais scileanna de bheith ag fás tráth a bhfuil an daonra in aois oibre ag laghdú agus 3.5 milliún post ar fud an Aontais fós gan líonadh.
Sleachta:
Kata Tüttő, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún: “In an iomarca áiteanna, bíonn deacrachtaí ag cuideachtaí áitiúla an duine ceart a fhostú, agus an tacar ceart scileanna acu. Tá áthas orm a fheiceáil go bhfágfaidh Aontas na scileanna go mbeidh sé níos éasca d’oibrithe bogadh san Aontas trí aitheantas neartaithe a thabhairt do dhioplómaí agus d’inaistritheacht ceart, agus a ndeiseanna ina n-áiteanna féin á neartú ag an am céanna, trí shealbhú bunscileanna, athsciliú agus a n-ullmhacht chun dul isteach sa gheilleagar glas agus digiteach a threisiú. Ní hamháin gur féidir leis an iomaíochas a bheith bainteach le roinnt moil ardteicneolaíochta, ní mór dó a bheith bunaithe ar chreatlach láidir shóisialta agus eacnamaíoch i réigiúin uile an Aontais.”
Roxana Mînzatu, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta Sóisialta agus Scileanna, Poist ar Ardchaighdeán agus Ullmhacht: “Tá daoine ag súil le gníomhaíocht — agus ciallaíonn sé sin cothroime shóisialta a chur i gcroílár gach cinnidh a dhéanaimid. Ní mór poist ardcháilíochta, oideachas, scileanna agus cuimsiú sóisialta láidir a bheith mar thosaíochtaí againn. Is iad sin a spreagfaidh Eoraip iomaíoch chomhtháite a bhainfidh fíorthorthaí agus fíordheiseanna amach dá saoránaigh uile.’
Rapóirtéir Emil Boc (RO/PPE), Méara Bhardas Cluj-Napoca: “Ní hiad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha amháin a chuireann beartais arna gcinneadh in áiteanna eile chun feidhme. Is fíor-ailtirí an chlaochlaithe iad. Tógann siad éiceachórais foghlama ar feadh an tsaoil, cothaíonn siad moil nuálaíochta, agus tugann siad scoileanna, ollscoileanna, FBManna, an tsochaí shibhialta agus saoránaigh timpeall an bhoird chéanna. Sin é an fáth nach mór Aontas na Scileanna a chomhdhearadh le cathracha agus réigiúin — ní hamháin iad a sheachadadh chucu.”
Cúlra
angela.machado@cor.europa.eu
Romania
Comhalta
Mayor of Cluj-Napoca Municipality, Cluj County
Hungary
Comhalta
Member of the General Assembly of Budapest Capital